Dlí Imchoimeád na Maise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Imoibriú dócháin meatáin. Sa chás go bhfuil 4 adamh hidrigine, 4 adamh ocsaigine agus 1 adamh carbóin i láthair roimh an imoibrithe agus dá éis. Tá an mhais iomlán mar an gcéanna tar éis an imoibrithe agus mar a bhí ann roimhe.

San fhisic agus sa cheimic, deir Dlí Imchoimeád na Maise le haghaidh aon chóras atá dúnta do gach aistriú damhna agus fuinnimh, go gcaithfidh mais an chórais fanacht seasmhach le himeacht aimsire, mar ní loitear ná ní chruthaítear mais in athraithe fisiceacha nó ceimiceacha. Dá bhrí sin, bíonn na dúile céanna agus an mhais chéanna díobh i láthair tar éis an imoibrithe agus a bhí roimhe.

De ghnáth, cailltear nó gnóthaítear fuinneamh le linn athraithe fisiceacha agus ceimiceacha. Tá mais de mhéid áirithe, áfach, ag fuinneamh, is cuma céard is gné dí seo. Ach tá mhais a thiontaítear chun suinnimh sna himoibrithe ceimiceacha is bríomhaire shomh mágáinneach i gcomparáid le maiseanna na ndamhnaí a imoibríonn agus a ghintear, nach fiú an t-athrú maise a thabhairt san áireamh.[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Féach lth 49. S.Ó Cinnéide. Ceimic Bhunúsach. Clóchuallacht Chathail Teo. Rialtas na hÉireann 1975.