Diospróisiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachDiospróisiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Diospróisiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachDy
Uimhir adamhach66
Mais adamhach162.5
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.22
Ga ianach1.07, 1.19, 0.91 agus 1.03
Stair
AimsitheoirPaul-Émile Lecoq de Boisbaudran
Fionnachtain1886
Eapainmgetting (en) Aistrigh
Sliseanna diospróisiam

Is é an diospróisiam dúil cheimiceach uimhir a 66, agus is é Dy an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na tearcithreacha é, ós lantanóideach é. Miotal é a bhfuil loinnir gheal ann, ach ní féidir teacht air ach i gcomhdhúile sa dúlra. Tá sé bog insínte, agus is féidir é a ghearradh le scian agus a oibriú gan drithlí a dhéanamh.

Tá diospróisiam ar fáil i mianraí éagsúla, xéinitím mar shampla, ach is í an mhonaisít an fhoinse is tábhachtaí.

Tá an diospróisiam nádúrtha comhdhéanta as seacht n-iseatóp, mar atá: diospróisiam a 156 (0.06 % de dhiospróisiam an dúlra), diospróisiam a 158 (0.10 %), diospróisiam a 160 (2.34 %), diospróisiam a 161 (18.91 %), diospróisiam a 162 (25.51 %), diospróisiam a 163 (24.90 %), agus diospróisiam a 164 (28.18 %). Iseatóip chobhsaí iad seo, ach amháin an chéad cheann acu, nó tagann alfa-mheath air. Tá leathré chomh fada aige, áfach, is gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht.

Ba é Paul Émile Lecoq de Boisbaudran ba luaithe a d'aithin gur dúil ar leith a bhí sa diospróisiam, thiar sa bhliain 1886, ach níor haonraíodh an chéad eiseamal den mhiotal seo ach sna 1950idí, nuair a tháinig na modhanna oibre nua-aimseartha ianmhalartaithe ar an bhfód.

Má fhágtar diospróisiam faoin aer, tiocfaidh brat ocsaíde air - Dy2O3. Imoibreoidh sé leis an uisce fosta, agus é ag déanamh hiodrocsaíd diospróisiam Dy(OH)3. Mar is léir ó na samplaí seo, is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is dual don diospróisiam, agus mar sin, is féidir a rá gur lantanóideach tipiciúil é.

Úsáidtear diospróisiam i ngléasra léasair, i riailmhaidí na n-imoibreoirí núicléacha, i bhfoinsí radaíochta infridheirge, i ndáileogmhéadair (ionstraimí le dáileog radaíochta an duine a thomhas), agus ina lán feidhmeanna teicneolaíocha eile.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]