Diego Maradona

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiego Maradona

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Diego Armando Maradona
30 Deireadh Fómhair 1960
Lanús, An Airgintín Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Samhain 2020
60 bliana d'aois
Dique Luján, An Airgintín Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Stad cairdiach)
Áit adhlacthaJardín Bella Vista (en) Aistrigh (2020–) 34°35′49″S 58°43′04″W / 34.597025°S 58.717754°W / -34.597025; -58.717754 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteDios Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan70 kg
Airde165 cm Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreSacar, traenáil spóirt agus sport management (en) Aistrigh
Gairmimreoir sacair, bainisteoir sacair, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis agus an Spáinnis
Tír spóirtan Airgintín Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtImreoir lár páirce agus ionsaitheoir
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1976–1981 Argentinos Juniors (en) Aistrigh 166(116)
1981–1982 Club Atlético Boca Juniors 40(28)
1982–1984 Futbol Club Barcelona 36(22)
1984–1991 Società Sportiva Calcio Napoli 188(81)
1992–1993 Sevilla Fútbol Club 26(5)
1993–1994 Newell's Old Boys (en) Aistrigh 5(0)
1995–1997 Club Atlético Boca Juniors 30(7) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
1977–1979   Argentina national under-20 football team (en) Aistrigh 24(13)
1977–1994   Argentina national association football team (en) Aistrigh 91(34) Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
1994–1994 Deportivo Mandiyú (en) Aistrigh
1995–1995 Racing Club de Avellaneda (en) Aistrigh
2008–2010   Argentina national association football team (en) Aistrigh
2011–2012 Al Wasl FC (en) Aistrigh
2017–2018 Al-Fujairah FC (en) Aistrigh
2018–2019 Dorados de Sinaloa (en) Aistrigh
2019–2020 Club de Gimnasia y Esgrima La Plata Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1994Corn FIFA an Domhain 1994
1990Corn FIFA an Domhain 1990
1986Corn FIFA an Domhain 1986
1982Corn FIFA an Domhain 1982
19791979 FIFA World Youth Championship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
CéileClaudia Villafañe (1989–2003) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDalma Maradona, Gianinna Maradona, Diego Sinagra Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínRaúl Maradona agus Hugo Maradona
Ciontaíodh ilámhach Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0544764 Allocine: 35664 Rottentomatoes: celebrity/diego_maradona Allmovie: p273631 Metacritic: person/diego-armando-maradona
Instagram: maradona_group Musicbrainz: e14f6aa8-b933-40e6-bdf5-f833ecdcd61e Discogs: 2409706 FIFA: 174732 Find a Grave: 219003424 Cuir in eagar ar Wikidata

Is iarimreoir agus traenálaí peile ón Airgintín é Diego Armando Maradona, a rugadh i mBuenos Aires ar an 30 Deireadh Fómhair, 1960 - 25 Samhain 2020). Bhí sé ar dhuine de na himreoirí is fearr agus is cáiliúla riamh,[1] a d'imir le roinnt de na chlubanna is mó ar domhan agus a bhí ina chaptaen nuair a bhuaigh an fhoireann náisiúnta Corn an Domhain sa bhliain 1986. Roghnaíodh mar Imreoir an Chomórtais é, agus na rudaí a chuimhnítear is mó ná an cúl iontach a fuair sé in aghaidh Shasana, agus an cúl conspóideach "Lámh Dé" sa chluiche céanna.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

1973

Rugadh Maradona sa chathair Lanús taobh amuigh de Buenos Aires i 1960, de chine mheasctha. Tógadh i Villa Fiorito é - sluma ar imeall theas Bhuenos Aires. Is eisean an chéad de triúr mac agus triúr iníon a rugadh le tuismitheoirí bochta, arbh as Cúige Corrientes dóibh ó dhúchas. Bhí a bheirt dheartháir, Hugo (nó el Turco mar atá aithne air) agus Eduardo (Lalo) - ina bpeileadóirí gairmiúla chomh maith.

Maradona agus Pelé, 1979

Agus é deich mbliana d'aois, tugadh faoi deara ag scabhta é agus é ag imirt le club a chomharsanachta Estrella Roja. Bhuaigh sé ait rialta i bhfoireann sóisir de chuid Argentinos Juniors as Bhuenos Aires, Los Cebollitas ('Na hOinniúin Beaga') mar a ghlaoitear orthu. Bhíodh Maradona de nós aige, mar bhuachaill liathróide óg dhá bhliain d'aois, a chumas agus chleasacha peile a thaispeáint don lucht féachana ag leath ama sna cluichí móra.

1982

Gairm chlub[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thiar sa bhliain 1976 a thosaigh Maradona ag imirt le Argentina Juniors, sular bhog sé ar aghaidh chuig Boca Juniors, áit inar bhuaigh sé craobh sa bhliain 1980.

Barcelona[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léine blaugrana de Diego Maradona, FC Barcelone.[2]

Thóg Maradona céim an-mhór sa bhliain 1981 nuair a d'aistrigh sé go F.C. Barcelona sa Spáinn. Nuair a cheannaigh Barcelona é ar luach £5 milliún,[3] ba é sin an tsuim airgid ba mhó a caitheadh ar aon imreoir sacair go dtí sin.[1] Ba churiarracht domhanda a bhí sa táille a thug go Barceolona é

Bhain sé an Copa del Rey amach le Barça, ach chuir gortuithe go mór as dó, agus níor éirigh rómhaith leis ann.

Napoli[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1984, shínigh Maradona le Napoli, club Iodálach gan bhua in aon chomórtas le seasca bliain.

Mheas lucht Napoli go raibh a slánaitheoir tagtha.

Ba ar an 5 Iúil 1984 a chur tuairim is 85,000 duine den lucht leanta fáilte roimhe i Stadio San Paolo sa gcathair.[4] Mheas lucht na háite, a raibh dearcadh ciníoch, uasal le híseal ag lucht an tuaiscirt orthu, go raibh a slánaitheoir tagtha.

Is le Napoli san Iodáil is mó a bhain Maradona cáil amach agus é ag imirt san Eoraip agus is ansin a shroich Maradona bhuaic a ghairmréime. Tháinig an tuar faoin tairngreacht nuair a thug siad an scudetto leo don chéad uair riamh i 1986-1987. Dheineadar an bheart arís i 1989-1990, agus bhuaigh Napol an Corn UEFA i 1989, an Coppa Italia i 1987 agus an Supercopa Italiana i 1990. Bhí forlámhas phiardaí móra an tuaiscirt, Juventus agus an dá Milan, briste.

Tharraing Maradona conspóid go minic agus é san Iodáil agus tháinig deireadh lena sheal i Napoli nuair a theip air i dtástáil drugaí.

Sevilla agus luathscor[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhág Maradona an Iodáil i 1991, ag dul go Sevilla FC sa Spáinn. I 1993 d'fhill sé ar an Airgintín, ag imirt le Newell's Old Boys, roimh dul ar ais go Boca Juniors, áit a d'éirigh sé as an bpeil ar 30 Deireadh Fómhair 1997.

Gairm idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thabhaigh Maradona an clú agus cháil is mó mar imreoir leis na Albicelestes, foireann idirnáisiúnta na hAirgintíne. Ghlac sé páirt i gceithre Chorn Domhanda as a chéile idir 1982 agus 1994, ag buachan an choirn sa bhliain 1986 agus ag críochnú sa dara háit sa bhliain 1990.

D'imir Maradona a chéad chluiche idirnáisiúnta ag aois a sé dhéag in aghaidh na hUngáire ar an 27 Feabhra 1977. Agus é ocht mbliana d'aois, réalta an chomórtais Craobh Domhanda na nÓg a bhí ann, agus é ag imirt cluiche den scoth sa bhua 3-1 i gcoinne Aontas na Sóivéide sa chluiche ceannais. Ar an 2 Meitheamh 1979, d'aimsigh sé a chéad chúl sinsir sa bhua 3-1 in aghaidh na hAlban i bPáirc Hampden, Glaschú.

Corn Domhanda 1982[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Maradona áit ina chéad Chorn Domhanda sa Spáinn sa bhliain 1982. Bhí na curaidh Airgintín ag cosaint an choirn a bhuadar sa bhliain 1978, ach chailleadar in éadan na Beilge sa chéad bhabhta. Cé go raibh buanna cuimsitheacha acu in aghaidh na hUngáire agus na Salvadóire chun áit sa dara babhta a bhaint amach, fuair an Bhrasaíl agus an Iodáil an ceann is fearr orthu chun bata agus bóthar a thabhairt dóibh. D'imir Maradona gach nóiméad de gach cluiche, ag aimsiú dhá chúl i gcoinne na hUngáire, ach seoladh ón pháirc é le cárta dearg agus iad ag tabhairt aghaidh ar an Bhrasaíl de bharr droch-imirt tromchúiseach.

Corn Domhanda 1986[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Maradona ina chaptaen ar fhoireann na hAirgintíne a bhuaigh Corn an Domhain i Meicsiceo i 1986. D’fhág a chuid taispeántas sa chomórtas sin lucht an tsacair faoi gheasa, ag buachan an chluiche ceannais in aghaidh na Gearmáine Thiar i Meicsiceo.

Le linn an choirn ar fad, chruthaigh Maradona é féin mar shárimreoir fuinniúil an chomórtas. Uair amháin eile, d'imir sé gach nóiméad de chluichí na tíre, ag gnóthú chúig chúl agus ag cruthú chúig chúl do chomh-imreoirí eile. Leis a dhá chúl sa bhua i gcoinne Shasana sa chluiche ceathrú ceannais, bhí Maradona daingnithe mar laoch an spóirt.

Diego Maradona, 1986.

Imríodh an cluiche seo le Cogadh Fháclainne mar chúlra idir an Airgintín agus an Ríocht Aontaithe, agus bhí mothúcháin den sórt fós san aer le linn an chluiche ar fad. Bhí an imirt cothrom nuair a bhuail Maradona le liathróid ard sa bhosca, agus críochnaíodh an liathróid in eangach na Sasanach. Bhí na Sasanaigh ar buile mar dealraíodh gur le lámh Maradona a cuireadh an liathróid sa chúl, rud a cruthaíodh níos déanaí. Maidir le Maradona féin, níor admhaigh seisean gur bhain sé feidhm mí-dhleathach as a lámh, ach mar a dúirt sé "beagán de cloigeann Maradona agus beagán de lámh Dé". "Lamh Dé" a tugadh air as seo amach nó "La mano de Dios." Sheas an cúl in aon chor, rud a chruthaigh clampar i Sasana a mhairfeadh ar feadh na mblianta fada. Sa deireadh, ar an 22 Lúnasa 2005 dúirt Maradona go ndearna sé an feall d'aon ghnó, agus bhí a fhios aige láithreach bonn gur cúl mí-dhleathach a bhí ann.

Cárta Panini, 1986

Cé gur chothaigh an chéad chúl an-díospóireacht agus conspóide, bhí gach duine ar aon tuairim faoin dara chúl, a roghnaíodh níos déanaí mar an ceann is fearr riamh i stair an choirn. Ní raibh cúrsaí socraithe síos fós nuair a ghlac Maradona seilbh ar an liathróid thiar ina leath féin. Thiontaigh sé go tapa sular rith sé níos mó ná leath den ghort leis an liathróid faoi smacht aige, ag druibleáil thar chúigéar imreoirí Sasanacha (Peter Beardsley, Steve Hodge, Peter Reid, Terry Butcher, agus Terry Fenwick) sular bhuail sé an liathróid thar Peter Shilton sa chúl. Vótáladh mar "Chúl na hAoise" ag pobalbhreith de chuid FIFA sa bhliain 2002.

Maítear go dtugann an dá chúl i gcoinne Shasana léargas ar mheon an duine a scóráil iad. An cúblálaí a fuair an chéad cheann, an draoi a fuair an dara ceann.[5]

Corn Domhanda 1990, 1994[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Maradona ar an bhfoireann a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais Chorn Domhanda 1990.

Tháinig deireadh míchlúiteach lena ré leis an bhfoireann náisiúnta nuair a theip sé i dtástáil drugaí sa bhliain 1994 i Meiriceá. Cé nach ndéantar mórán trácht ar an eachtra sin, ba é buille maraithe na muice dó mar imreoir. Chroch Maradona a sheolta.

2009

Bainisteoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Maradona seal ina bhainisteoir ar an Airgintín idir 2008 agus 2010. Bhain an fhoireann áit amach ag Corn Domhanda 2010 faoina cheannas, nuair a chuaigh siad chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais.

Bhí Maradona ina bhainisteoir ar chumann Gimnasia i Meicsiceo 2019-2020.

GCC Champions League, 2012

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhásaigh Maradona ar 25 Samhain 2020, agus ní raibh ach bhí 60 bliain d’aois slánaithe agide. Bhí trí lá bróin fógartha ina thír dhúchais. Ba gheall le Dia é ina thír dhúchais agus i Napoli na hIodáile.

Diego Maradona, 2019


Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn,

"...déarfadh roinnt daoine faoi gurbh é an t-imreoir sacair ab fhearr riamh ar domhan é. Cuimhneoidh lucht leanúna peile ar fud an domhain ar Maradona, ní hamháin mar gheall ar an mbua iontach a bhí aige smacht a choimeád ar an liathróid, í a phasáil agus a dhriobláil, ach mar gheall ar a thaispeántas ar an bpáirc agus ar an áthas a thug sé don iliomad daoine. B’inspioráid a bhí ann don iliomad páistí óga a d’imir sacar. Ba theist ar an ardmheas a bhí ag lucht leanúna an tsacair air, agus a bheidh air fós amach anseo, an gradam a fuair sé mar ‘Imreoir FIFA an Chéid’ sa bhliain 1999 – gradam a roinn sé le Pelé".[6]

D'éag Maradona i dteach a bhí ar cíos aige i mbruchbhaile Benavidez, ó thuaidh de Buenos Aires. Taom croí an tsiocair a tugadh lena bhás agus é ag téarnamh sa mbaile ó obráid a cuireadh ar a inchinn ar an 3 Samhain 2020.

Tuairiscítear gur éirigh go breá leis an obráid sin ach go raibh Maradona ag fulaingt go mór agus é ag staonadh ón alcól a raibh sé tugtha dó.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Asif Kapadia scannán faisnéise ar shaol Maradona sa bhliain 2019.[5] Tugann an saothar seo le fios go minic gur beirt éagsúil atá i gceist aon uair go ndéantar trácht ar Diego Maradona. Tá Diego ann, an duine lách, geanúil a thug aire na huibhe dá mhuintir; agus tá Maradona ann, an laoch sacair mórchúiseach, mustrach a tharraing achrann ar féin dé shíor.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Beannaithe ag Dia – laoch na hAirgintíne Diego Maradona ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  2. "Musée du FC Barcelone" (as fr) (2020-07-17). Wikipédia. 
  3. "Snapshot: Maradona is toast of the town after signing for Napoli" (en). Dáta rochtana: 2020-11-25.
  4. "Diego Maradona's Napoli adventure remembered in stunning 2019 film" (en). Sky Sports. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  5. 5.0 5.1 Breandán M Mac Gearailt. "LÉIRMHEAS: Is ag Diego agus ag Maradona is fearr atá fios…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  6. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-11-25.