Dhá Aspal Déag na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dhá Aspal Déag na hÉireann

Dháréag naomh manachúil Éireannach a rinne staidéar faoi stiúir Naomh Finnian sa 6ú haois ab ea Dhá Aspal Déag na hÉireann.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Mainistir Chluain Ioraird, a bhí suite ar Abhainn na Bóinne i gContae na Mí sa lá atá inniu ann, ar cheann de na scoileanna mainistreach is tábhachtaí in Éirinn na luath-Chríostaíochta. Le linn an 6ú haois, rinne cuid de na daoine ba shuntasaí i stair na Críostaíochta in Éirinn staidéar i Mainistir Chluain Ioraird. Deirtear go raibh thart ar 3000 scoláire faoi theagasc ann, ar an meán.

De réir seanchais, rinne dháréag scoláire staidéar ansin faoi stiúir Naomh Finnian, grúpa ar a dtugtar Dhá Aspal Déag na hÉireann. Tá an scéal seo taifeadta i lámhscríbhinn ón 17ú haois (bunaithe ar fhoinsí níos sine, b'fhéidir) dar teideal Dá apstol décc na hÉrenn. Ba le Mícheál Ó Cléirigh an lámhscríbhinn seo (Bibliothèque Royale, An Bhruiséil, MS 2324–2340), 1629.[2]

Sa scéal seo, bailíonn an dáréag aspal le chéile le haghaidh fleá i dteach Naomh Finnian, agus tagann bláth draíochta os a gcomhair. Socraítear go ndéanfadh duine acu turas ar thír dhúchais an bhlátha, agus go gcuirfí rogha an duine ar crannchur. Nuair a thiteann an crann ar Bhreandán Bhiorra, fear scothaosta, téann Breandán Chluain Fearta (Breandán moccu Altae), atá níos óige, ina ionad. Téann Breandán chun bealaigh le lucht coimhdeachta mór, agus tarlaíonn go leor eachtraí dóibh, mar a insítear i Betha Brénainn Clúana Ferta, mar shampla.[3]

An Dáréag Aspal[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Naomh Ciarán Saighre (Saighir Chiaráin). I Martarlaig Oengus, ní áirítear Ciarán Saighre i measc an dáréag, agus cuirtear Naomh Finnian féin ina ionad.[4] Is cosúil gur traidisiún níos sine é seo.
  2. Naomh Ciarán, Cluain Mhic Nóis, ar an tSionainn, i mbarúntacht Garraí an Chaisleáin, Co. Uíbh Fhailí. D'éag sé sa bhliain 549.
  3. Naomh Breandán, Biorra, Co. Uíbh Fhailí. Fuair sé bás ar 29 Samhain 571.
  4. Naomh Breandán, Cluain Fearta (Breandán moccu Altae, nó Breandán an Loingseoir). Ba mhac é le Finnloga, éarlamh Chluain Fearta, i gContae na Gaillimhe. Rugadh sa bhliain 484 é, agus fuair sé bás i 577.
  5. Naomh Colm Cille, ab Thír Dhá Ghlas, i mbarúntacht Urumhain Íochtarach i gcontae Thiobraid Árann, a d'éag sa bhliain 552.
  6. Naomh Colm Cille, an naomh Gaelach mór le rá a bhunaigh mainistreacha i nDoire agus in Albain. Rugadh sa bhliain 521 é, agus fuair sé bás sa bhliain 597.
  7. Naomh Mobhí Cláraineach, éarlamh Ghlas Naíon, i ngar do Bhaile Átha Cliath. Fuair sé bás ar 12 Deireadh Fómhair 545.
  8. Naomh Ruadhán, éarlamh Lorrha, i gContae Thiobraid Árann. Fuair sé bás ar 15 Aibreán 584.
  9. Naomh Seanán, ó Inis Cathaigh, amach ó chósta thiar theas Chontae an Chláir.
  10. Naomh Ninnidh, éarlamh pharóiste Inis Maí Samh, in iarthuaisceart Chontae Fhear Manach. Bhí sé beo sa bhliain 530, ach ní féidir a bheith cinnte faoi bhliain a bháis.
  11. Naomh Laisrén mac Nad Froích, mac Nad Fraéch agus deartháir Óengus, ba e an chéad rí Críostaí ar Chúige Mumhan agus fuair sé bás sa bhliain 564.
  12. Naomh Cainneach, éarlamh Achadh Bhó i gContae Laoise, a fuair bás sa bhliain 600.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gratton-Flood, W.H. (1 Márta 1907). "The Twelve Apostles of Erin" I. New York: Robert Appleton Company. Dáta rochtana: 9 Feabhra 2008. 
  2. Van den Gheyn, Joseph, Catalogue des manuscrits de la Bibliothèque Royale de Belgique vol. 5: Histoire — hagiographie, Brussels, Lambertin (1905), 384–389.
  3. Mac Mathúna, "The Irish Life of Saint Brendan", pp. 147–9.
  4. p. 168-9. https://archive.org/stream/martyrologyofoen29oenguoft#page/168/mode/2up/search/twelve