Cú na mBaskerville

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCú na mBaskerville
(en) The Hound of the Baskervilles Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarArthur Conan Doyle Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
MaisitheoirSidney Paget Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaín chlúdaigh leAlfred Garth Jones Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Ríocht Aontaithe, 1902 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirGeorge Newnes Ltd
Tréith
Seánraficsean bleachtaireachta, ficsean coiriúlachta agus ficsean mistéire Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaDartmoor
Londain
Devon Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Gradam a fuarthas100 Leabhar na hAoise de réir Le Monde Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Sherlock Holmes novels (en) Aistrigh agus canon of Sherlock Holmes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 6250bc42-8172-49ee-9853-4504de55980d Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal de chuid an scríbhneoir Albanach, Arthur Conan Doyle, is ea Cú na mBaskerville, ar cheann de na scéalta bleachtaireachta is iomráití dár scríobhadh riamh. Dar le go leor léirmheastóirí go bhfuil Cú na mBasker­ville ar an scéal is fearr de scéalta Sherlock Holmes.[1]

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Sir Charles Baskerville, mionuasal de chuid Devon Shasana, tar éis bás a fháil gan choinne agus dealraíonn sé gurb é an scanradh a chuir cú ábhalmhór scáfar air a thug a bhás. Creideann roinnt dá chomharsana seanscéal a deir nach ainmhí saolta an madra céanna, ach cú diabhlaí aníos ó ifreann a thaithíonn riasc sceirdiúil contúirteach na dúiche agus atá ar tí dhíobháil mhuintir Baskerville le fada.

Faoi Sherlock Holmes agus an Dochtúir Watson atá sé a thaispeáint cén sórt ainmhí go fírinneach an cú agus féachaint chuige san am céanna nach ndéantar aon díobháil do Sir Henry Baskerville, mac dearthár agus oidhre Sir Charles, atá tagtha chun cónaithe in Halla Baskerville chun a oidhreacht a éileamh.[1]

Anailís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Móinteán tréigthe, mallacht clainne, deamhanchú, coirpeach éalaithe, agus blaiseadh den osnádúrthacht sa cheo ; is iad na heilimintí sin a chinntíonn go bhfuil an-tóir ar Cú na mBaskerville .[2]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh in 1934 aistriúchán Gaeilge de chuid Nioclás Tóibín. Tháinig leagan caighdeánaithe den aistriúchán sin amach sa bhliain 2012, curtha in eagar ag Aibhistín Ó Duibh (ISBN 10: 9781782010142).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge (2022-03-25). "Cú na mBaskerville". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-03-25. Dáta rochtana: 2023-03-25.
  2. "Cú na mBaskerville" (en-US). An Ceathrú Póilí. Dáta rochtana: 2023-03-25.

[1]

  1. "An Siopa Leabhar". web.archive.org (2019-04-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-01. Dáta rochtana: 2023-03-25.