Córas Airgeadaíochta Eorpach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhairle Eorpach sa Bhruiséil ar 4/5 Nollaig 1978

Sular tugadh isteach an euro, bhí roinnt d’airgeadraí Bhallstát an Aontais Eorpaigh (nó an CEE ag an am) nasctha le chéile sa Córas Airgeadaíochta Eorpach (CAE nó EMS, an European Monetary System). Bhí an CAE ann idir 1979 agus 1999. Is í an phríomh thréith a bhain leis ná meicníocht an ráta malairte.[1]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thit an córas Bretton Woods[2] as a chéile i dtús na seachtóidí. Bhí cúrsaí airgeadais thar a bheith neamhchobhsaí dábharr.

Chun an éagobhsaíocht seo a chomhrac, chruthaigh na naoi mBallstát den CEE (a bhí ann ag an am) an Córas Airgeadaíochta Eorpach, a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1979. Tháinig an Córas Airgeadaíochta Eorpach ar an bhfód ar 4 Nollaig 1978 ag Comhairle Eorpach sa Bhruiséil.

Bhí an CAE bunaithe ar aonad airgeadra Eorpach nua agus tugadh an “tECU” air ag an am.

chruthaigh na naoi mBallstát den CEE an CAE

Bhí trí phríomh chomhpháirt ag an CAE:

  • an tECU, a bhí ina bhascaed[3] d’airgeadraí na mBallstát.
  • na meicníochtaí maidir le ráta malairte (MRM nó Meicníocht Rátaí Malairte) agus idirghabháil a thug ráta malairte nasctha leis an ECU (ráta malairte déthaobhach), do gach airgeadra. Thug an MRM isteach rátaí malairte a bhí socraithe ach inchoigeartaithe i measc airgeadraí na naoi dtír.
  • na meicníochtaí creidmheasa, a chuir ar chumas bainc cheannais idirghabháil a dhéanamh má chuaigh rátaí malairte déthaobhacha thar thairseach.

An euro agus ré nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

ráta malairte ECU/EUR - ór ó 1975 go dtí 2012 (ECU "athchruthaithe" ó 1975-1978)

Ar 1 Eanáir 1999 tháinig an Mheicníocht Rátaí Malairte II in áit an CAE. D'éirigh an "ecu" an euro níos déanaí sna blianta 1999/2002, bíodh is go raibh an modus operandi den "ecu" an-difriúil ar fad.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. AN BANC CEANNAIS EORPACH. "CÓRAS AN EURO". Dáta rochtana: 2020.
  2. "Bretton Woods system" (as en) (2020-12-01). Wikipedia. 
  3. ciseán