Cónaidhmeacht daonlathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cineál sóisialachais liobraíoch cónaidhmeacht daonlathach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhorbair Abdullah Öcalan, ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Cordastáine cónaidhmeacht daonlathach le linn na 90idí agus níos déanaí. Tar éis thitim Aontais Shóivéadaigh, d'éirigh Öcalan in amhras faoi Marxachas. Rinne sé staidéar ar an stair, ar an miotaseolaíocht na Measpatáim, agus ar an saothar Murray Bookchin, ainrialaí Meiriceánach. Dar le Öcalan, bhí "sochaí nádúrtha" ann 10,000 blianta ó shin. Bhí an sochaí seo comhchoiteann agus cothromaíoch in inscne: "Le linn na Ré Neoilití, cruthaíodh ord sóisialta comhchoiteann iomlán, sóisialachas ársa mar a deirtear, ar na mná, ord sóisialta nach bhfaca cleachtaidh fhorfheidhmiú an oird stáit." D'fhorbair an phatrarcacht, áfach, agus scriosadh an sochaí nádúrtha. Forbraíodh céimlathas agus sclábhaíocht agus sochaí aicmeach dá bharr. Mar thoradh, dúirt Öcalan gur chóir dúinn sochaí nádúrtha a bhunadh anois agus anseo, sochaí gan stát, gan patrarcacht, gan aicme, agus leis an éiceolaíocht. Thug Öcalan "nua-aimsearthacht daonlathach" nó "féinriail daonlathach" ar an sochaí seo.

Cleachtadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é cónaidhmeacht daonlathach an teoiric treorach Pháirtí Lucht Oibre na Cordastáine i mBakurê (Cordastáin Thuaidh), Pháirtí Aontais Dhaonlathaigh (Partiya Yekîtiya Demokrat‎) i Rojava (Cordastáin Thiar), agus Ghluaiseacht Le Haghaidh Sochaí Daonlathaí (Coirdis: Tevgera Civaka Demokratîk‎ ; Araibis: حركة المجتمع الديمقراطي) i dTuaisceart na Siria. I Rojava, cleachtar cónaidhmeacht daonlathach leis na comúin áitiúla agus leis na comhfhiontair. Caithfidh 40% de na baill ar a laghad bheith ina mná. Is leis na comúin é an talamh agus na hacmhainní. Tá an sochaí áitiúil ag feidhmiú gan stát dá bharr.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]