Cáitríona Ní hAodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCáitríona Ní hAodha

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Catherine Hayes
Beathaisnéis
Breith29 Deireadh Fómhair 1818
Luimneach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Lúnasa 1861
42 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Kensal Green Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí ceoldrámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál guthaSoprán

UirlisCeol gutha

Suíomh gréasáincatherinehayes.com Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 76d77aff-501f-43e9-a4a9-a2ea8a6ca644 Find a Grave: 21283 Cuir in eagar ar Wikidata
Comhartha cuimhneacháin ar Uimhir 4, Sráid Phádraig, Luimneach i mí Aibreáin 2007, inar rugadh an amhránaí cheoldráma Cáitríona Ní hAodha sa bhliain 1818.

B’amhránaí cheoldráma í Cáitríona Ní hAodha (29 Deireadh Fómhair 1818 - 11 Lúnasa 1861), Eala na hÉireann, an chéad Opera Diva a tháinig as Éirinn.

Rugadh in uimhir 4 Sráid Pádraig, Luimneach í sa bhliain 1818, iníon le máistear bhuíon ceol míleata Art Ó hAodha agus a bhean Máire Ní Chearrbhail, bean aimsire. Baisteadh in Airdeaglais Mhuire agus tógadh suas mar Phrotastúnach (Eaglais na hÉireann) í.

Nuair a d'fhág a hathair an teaghlach, b'éigean di tosnú ag obair mar chailín aimsire i dtigh Tiarna Luimnigh i Sráid Annraoi. Nuair a chlois an Dochtúir Knox, Easpag Protastúnach Luimnigh í ag canadh le linn a hoibre, d’íoc sé a costaisí staidéir faoin múinteoir cáiliúil Antonio Sapio i mBaile Átha Cliath.

Chan sí go poiblí don chéad uair sa bhliain 1837 i mBaile Átha Cliath agus aithníodh láithreach go raibh guth thar an ngnáth aici. Seacht mbliain ina dhiaidh sin ba í an Prima Donna in amharclann La Scala i Milano na hIodáile. Sa bhliain 1849, chan sí roimh Bhanríon Victoria Shasana agus d’fill sí ar Luimneach an bhliain dár gcionn nuair a ghlac sí an príomh-pháirt i gceoldráma Bellini La Somnambula.

Thaistil sí go forleathan san Eoraip, i Meiriceá agus san Astráil. Ainmníodh sráid ina honóir i San Francisco, áit inar phós sí a bainisteoir William Avery Bushnell sa bhliain 1857 agus ba an bhan-amhranaí ar an bpá is airde ar domhain í ag an am.

Cailleadh í ag barr a réime in aois 43 bhliain i Londain i mí Lúnasa 1861 agus adhlacadh i reilig Kensal Green sa chathair sin í.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]