Cruas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cruas

Tomhas ar fhriotaíocht ábhair do dhingeadh is scríobadh is ea cruas. Tá sé gaolta go ginearálta le géillstrus, neart teanntachta, agus neart comhbhrúiteachta an ábhair. Déantar an tomhas (i dtástálacha Brinell is Vickers) trí dhingeadh a dhéanamh go caighdeánach sa dromchla, agus leithead nó doimhneacht na dinge a thomhas. I dtástáil Mohs, atá níos cáilíochtúla, déantar iarracht an dromchla a scríobadh le gach ceann de na hábhair seo a leanas go ndéantar scríobadh air, agus luaitear cruas Mohs an ábhair scríobtha sin leis an dromchla:

Ábhar scríobtha Measúnú cáilíochtúil Cruas Mohs
talc brúnn ionga láimhe é 1
gipseam scríobann ionga láimhe é 2
cailcít scríobann bonn copair í 3
fluairít scríobann gloine í 4
apaitít scríobann scian póca í 5
iathchloch scríobann grianchloch í 6
grianchloch scríobann líomhán cruach í 7
tópás scríobann corandam é 8
corandam scríobann diamant é 9
diamant 10

Mianreolaí Gearmánach ab ea Friedrich Mohs (1773-1839), agus cheap sé an tástáil seo i 1812.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cruas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 187.