Cosaint traenacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cosaint traenacha

Baineann cosaint traenacha le córais comharthaíochta ar iarnróid chun imbhuailtí traenacha is a gcur de na ráillí a sheachaint. Sa bhfoirm is simplí, an córas rabhaidh uathoibríoch (AWS), d'fhuaimnítí rabhadh i gcábán an tiománaí dá mbeadh bac ar an líne díreach roimhe. Muna n-admhódh an tiománaí go bhfuair sé an rabhadh trí chnaipe a bhrú, d'fheidhmíodh na coscáin go huathoibríoch. Ní raibh an AWS doloicthe: le farasbarr fuaimnithe d'éiríodh an tiománaí dí-íograithe agus bhíodh sé in ann an córas a shárú. Mar sin cuireadh leis le fearas meabhrúchán tiománaí (DRA) a shocródh an tiománaí aon uair a stopfadh an traein ag solas dearg. Ní thosódh an traein go n-athshocrófaí an fearas, rud a mheabhródh don tiománaí seiceáil go raibh an rabhadh sin glanta. Le teacht chun cinn na teicneolaíochta leictreonaí, tá córais níos cuimsithí in úsáid, a dtugtar cosaint uathoibríoch traenacha (ATP) orthu. Déanann siad seo luas na traenach a mhonatóiriú is áiríonn luas sábháilte, bunaithe ar fhachtóirí ar leith, agus léirítear an luas seo sa chábán. Má théann an luas oiread ar leith thairis seo, cuirtear na coscáin i bhfeidhm chun an traein a luasmhoilliú a dóthain. Ní féidir leis an tiománaí an córas seo a shárú, agus mar sin ba cheart nach dtarlódh eachtraí ina dtéann traein thar rabhadh is baol ann, cúinsí a bhí i gceist i gcuid mhaith imbhuailtí marfacha. Sa chóras cosanta is rabhadh traenacha (TPWS) tá an sean-AWS ann, ach chomh maith leis, córas coscáin éigeandála le húsáid má théann an traein thar sholas dearg nó a luas thar an uasluas ceadaithe. Ní féidir leis an tiománaí an córas seo a shárú, agus dearadh é chun gur féidir é a chur isteach go héasca. Ach ní dhéanann sé monatóiriú leanúnach ar an luas, agus mar sin, is lú an chosaint é ná an ATP. Tá na feabhsuithe seo á gcur i bhfeidhm de réir a chéile ar iarnróid ar fud an Domhain. Bhí TPWS i bhfeidhm ar fud na hEorpa faoi 2003, agus ATP le bheith i bhfeidhm ar iarnróid uile na hEorpa faoi 2010. Tá córais níos nua-aoisí éifeachtaí á bhforbairt an t-am ar fad. Tá rialú uathoibríoch traenach (ATC) in úsáid ar iarnróid bheaga — in aerfoirt is Iarnród Éadrom na nDuganna i Londain—gan gá le tiománaí ar bith. Tá córas eile ar an iarnród faoi thalamh i Londain a stopann traein go huathoibríoch má théann sí thar chomhartha dearg. I gcóras níos nuaí fós, an chomharthaíocht bunaithe ar chraolacháin (TBS), baintear feidhm as craoladh raidió dhá threo agus léiriú comharthaíochta sa chábán.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cosaint traenacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 175.