Copra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Copra

Is bia triomaithe cnó cócó é copra.[1] Sna 1860idí, chun cur leis an soláthar saille ainmhíche, dhírigh déantóirí gallúnaí, margairín is bealaitheoirí ar olaí plandúla trópaiceacha agus ola cnó cócó go príomha. Ar dtús, cheannaigh trádálaithe an ola ó na daoine áitiúla, ach de réir a chéile bunaíodh fáschoillte chun copra a tháirgeadh. Faightear an ola tríd an gcopra a chomhbhrú. Is iad na hoileáin Fhilipíneacha, an Indinéis, Srí Lanca, an Mhalaeisia agus oileáin an Aigéin Chiúin na táirgeoirí is tábhachtaí.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): copra” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-27.
  2. Hussey, Matt (2011). "Copra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 170.