Contae Ros Comáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Ros Comáin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°45′N 8°15′W / 53.75°N 8.25°W / 53.75; -8.25
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairRos Comáin Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán64,436 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús25.29 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla2,548 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the Cathaoirleach of Roscommon County Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachcomhlacht reachtach Chomhairle Contae Ros Comáin Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IE-RN Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie100027
Suíomh gréasáinroscommoncoco.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

I gCúige Chonnacht atá Contae Ros Comáin[1] (Fuaimniú), agus é ainmnithe as Comán, a thóg mainistir san áit ina bhfuil baile Ros Comáin anois. Bhí na daoine go hainnis ann le linn an Drochshaoil (1845-1848), rud a léirítear i Músaem an Ghorta i dTeach Bhéal na mBuillí.[2]

Is é an t-aon chontae amháin i gCúige Chonnacht é nach bhfuil béal na farraige isteach ann. Is díol spéise é Baile Átha Luain, áit atá suite ar bhruach na Sionainne, sa mhéid go bhfuil sé le fáil i lár baill na tíre, agus é i gContae Ros Comáin agus i gContae na hIarmhí araon. Tá an contae ag críochtantacht le Contae na Gaillimhe, le Contae Mhaigh Eo, le Contae Shligigh agus le Contae Liatroma i gCúige Connacht, agus (lastall den tSionainn) le Contae Uíbh Fhailí, le Contae Iarmhí agus le Contae Longfoirt i gCúige Laighean.

Tá baint ag an gcontae leis na scéalta is sine in Éirinn: níl aon sráidbhaile is gaire do Ráth Cruacháin, baile na Bainríona Méibhe agus ríthe Chonnacht, ná Tuilsce. Tá cuid den dúlra is ársa sa tír le fáil ar an dá oileán is tríocha i Loch Cé i Ros Comáin Thuaidh.

Sa chontae seo a rugadh Dubhghlas de hÍde (1860-1949), bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, agus an chéad Uachtarán ar Éirinn. Is beag Gaeilge a bhí á labhairt ann agus é ag fás suas ann, agus bhí air dul á lorg. Fear eile de chuid an chontae a thuill clú ba ea Percy French, cumadóir cáiliúil amhrán.

Bailte agus sráidbhailte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Loch Cé

Barúntachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Contae Ros Comáin/Roscommon | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-10-31. Dáta rochtana: 2012-10-12.