Conradh na Talún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaConradh na Talún
Sonraí
Cineáleagraíocht pholaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtatalúntachas
Náisiúnachas in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1879
21 Deireadh Fómhair 1879
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte17 Deireadh Fómhair 1882 Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht pholaitiúil ab ea Conradh na Talún (Béarla: Irish National Land League) a bhí gníomhach in Éirinn san 19ú haois. Bhíodh an Conradh ag iarraidh cabhair a thabhairt do na feirmeoirí tionóntacha sa tír. An phríomhaidhm a bhí aige ná deireadh a chuir leis na Tiarnaí Talún agus an talamh a thabhairt do na feirmeoirí a bhí ag déanamh na hoibre dóibh.

Ar an 20 Aibreán, 1879, bhí ollchruinniú ar siúl i mBaile na hÉireann in aice le Clár Clainne Mhuiris, i gContae Mhaigh Eo. Deirtear go raibh suas le 20,000 duine i láthair. Tar éis an chruinniú seo, bunaíodh conradh talún áitiúil chun cíosanna a ísliú, go háirithe i Maigh Eo agus i gCúige Chonnacht.

Bunú an Chonartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Conradh Talún Náisiúnta na hÉireann i gCaisleán an Bharraigh ag an Óstán Impiriúil, ar an 21 Deireadh Fómhair 1879. Roghnaíodh Charles Stewart Parnell mar uachtarán, agus Mícheál Dáibhéad, A.J. Kettle agus Thomas Brennan ina rúnaithe. Feachtasóir tábhachtach eile ab ea John Dillon.

Póstaer ó Chonradh na Talún (1880idí)

Na príomhaidhmeanna a bhí luaite i rúin an chruinniú ná:

...Ar dtús, ísliú a fháil ar cíosanna éagóracha;
sa dara háit, le cabhair a thabhairt do áititheoirí an talún an talamh a bheith mar úinéirí ar an talamh.
...Go bhféadhfadh aihdm an Chonradh a fháil trí tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí; trí chosaint na fheirimeoirí a dhiúltaíonn cíosanna éagóracha a íoc; trí obair ar ailt Bright sna achtanna talún i rith an Gheimhridh; agus trí leasuithe a fháil ar na dlíthe le baint talún, ionas go bhféadfadh tionónta a bheith mar úinéir de bharr íoc an chíos ar feadh cúpla bliain.

Thaistil baill den chonradh go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun airgead a bhailiú, Charles Stewart Parnell, John Dillon, Mícheál Dáibhéad, ina measc. Bunaíodh brainsí den chonradh in Albain chomh maith.

Cogadh na Talún[cuir in eagar | athraigh foinse]

Troideadh Cogadh na Talún idir na blianta 1880 agus 1892, agus an Conradh ag iarraidh "na trí F-anna" mar a thugtaí orthu as Béarla a bhaint amach: Cíos Cothrom, Ceart Díol agus Cinnteacht Seilbhe, rud a bhí éilithe don chéad uair ag Léig Chearta na dTionóntaí sa bhliain 1850.

Roghnóidh an Chonradh cíos cothrom agus spreag a thabhairt chuig a chuid baill an praghas chuir os chomhair Tiarna Talún. Dá má rud é gur dhiúltóidh an Tiarna Talún, íochfadh an tionónta an cíos chuidigh an chonradh agus ni bhfaigheadh an Tiarna Talún aon airgid.

Sampla amháin ná an canóin Ulick Burke, baill den Eaglais Chaitliceach, ar deireadh ísligh sé a chuid cíosanna 25%. Ach bhí tiarnaí Talúin a throid in aghaidh na bearta seo agus bhí dúnmharú ar an dá taobhanna. Go ginearálta bhí Constáblacht Ríoga na hÉireann ar taobh na Tiarnaí Talún. Ar dtús báire ní raibh aon fadhbanna reiligiún le chruinnithe an chonradh ar siúl i Lóistín Oráiste, ach chuireadh stop le seo, nuair a chuaigh na Tiarnaí Talúin i bhfeidhm ar an tOrd Oráisteach.

Nuair a bhí an eachtra seo thart, chuir Parnell tús le Léig Náisiúnta na hÉireann, a bhí bunaithe air.

Le cúpla deichnúra i ndiaidh bunú an chonradh, de bharr tionchar fír cosúil le William O'Brien, bhí feabhas ar an saol d'fheirmeoirí, agus go háirithe i ndiaidh Acht an Lucht oibre 1906 agus 1911, bhí an talamh i láimhe na fheirmeoirí beaga in ionad na Tiarnaí Talamh lena lán talamh.