Conchúr mac Donnchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConchúr mac Donnchadha
Beathaisnéis
Breith8 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás833

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
819 – 833
← Áed OirdnideNiall Caille → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachClann Cholmáin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDonnchad Midi mac Domnaill
SiblínMáel Ruanaid mac Donnchada Midi

Ard-Rí na hÉireann go freasúra ba ea Conchúr mac Donnchadha (Sean-Ghaeilge Conchobar mac Donnchada) idir 819 agus 833.[1]

Donnchad Midi, Ard-Rí (733797) ba ea athair Chonchúir, agus Fuirseach, bean uasal de Dhál nAraidi, a mháthair. Phós Conchobar Land iníon the former High-King Aodha Oirdní, iarArd-Rí. Bhí mac acu darb ainm Atrí, a bhí ina chléireach ag Ard Mhacha, agus triúr mac eile Cathal, Eochócan agus Cináed.[2]

Feictear Conchúr don chéad uair mar phearsa stairiúil sa bhliain 802, nuair a roinn an tArd-Rí Aodh Oirdní mac Néill de Chineál Eoghain, deartháir céile (?; nó athair céile) Conchúir, tiarnas Chlann Cholmáin idir Conchúr agus Ailill. Cé gur dheartháireacha iad, mharaigh Conchúr Ailill an bhliain dár gcionn ag Ráth Chonaíolaigh, agus thóg dó féin amháin ann tiarnas go léir.[3] Pas cúig bliana i ndiaidh sin, i gcomhaontas le rí na gConnacht, chuaigh Conchúr ar fheachtas Ard-Ríogachta. Chloígh sé a iarpatrún Aodha, ach níor aithníodh é Ard-Rí go dtí bás Aodha sa bhliain 819.

Tá mba Ard-Rí é, chuaigh col ceathrar Aodha, Murchadh mac Maoil Dúin, i ngleic leis, agus cinneadh déanta aige le muintir Chonchúir féin, Síol Aodha Sláine. Cuireadh an feall seo in iúl do Chonchúr, agus sa bhliain 822, bhain sé a dhíoltas amach "le hár thar a bheith uafásach".[4] Sa bhliain 823, rinne Conchúr comhaontas le Feilimí mac Criomhthainn, rí na Mumhan (820847). Agus Conchúir ag iarraidh ámh an Mhumha agus a rí a chur faoina cheannas, d'éirigh Feilimí míshásta, agus as 827 ar aghaidh, bhí sé i bhfreasúra an ard-rí.[5]

Ní fios conas a fuair Conchobar bás sa bhliain 833, ach bhí na Lochlannaigh i mbun creach arís ag an am. Adhlacadh é i Mainistir Chluain Ioraird.[6]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T. W. Moody, Martin agus Byrne, (eag.), Maps, Genealogies, Lists, ll. 192 - 193, n. 26.
  2. Hudson, "Conchobar mac Donnchada (died 833)".
  3. Hudson, "Conchobar mac Donnchada (bás 833)".
  4. Hudson, "Conchobar mac Donnchada (bás 833)".
  5. Hudson, "Conchobar mac Donnchada (bás 833)"; Moody, Martin, and Byrne, (eag.), Maps, Genealogies, Lists, lch. 193, n. 26.
  6. Moody, Martin agus Byrne, (eag.), Maps, Genealogies, Lists, lch. 193, n. 25.