Comhrialtas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ionann comhrialtas agus dhá pháirtí nó ghrúpa pholaitiúla ag teacht le chéile i bparlaimint chun móraimh rialtais a chruthú. Is minic go dtarlaíonn sé seo nuair nach bhfuil sé de chumas ag páirtí nó grúpa ar bith móramh a bhaint amach leo féin. Is modh rialtais coitianta é seo i gcuid mhaith de thíortha daonlathacha an domhain.

Comhrialtais in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíodh an chéad chomhrialtas in Éirinn nuair a tháinig scata páirtithe éagsúla le chéile chun Fianna Fáil a chur as cumhacht i 1948, rud a mhair ar feadh trí bliana. Ó tháinig Fianna Fáil i gcumhacht an chéad uair leo féin i 1933, ba iad an t-aon pháirtí a bhí in ann móramh rialtais a chruthú sa Dáil gan comhrialtas a chruthú. Bhí sé ina phrionsabal acu gan dul i gcomhrialtas, ach bhí orthu an riail sin a chaitheamh i dtraipisí sa bhliain 1989 agus Cathal Ó hEochaidh mar cheannaire acu, nuair ab é rogha an dá dhíogha acu glacadh le dul i gcomhrialtas leis an bPáirtí Daonlathach nó cumhacht a chailleadh. Bhí gach uile rialtas i bPoblacht na hÉireann ina chomhrialtas ó shin i leith.