Comhlimistéar taistil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhlimistéar taistil (glas) agus an an Limistéar Schengen (gorm)

Baineann an Comhlimistéar Taistil le cearta agus pribhléidí cómhalartacha atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe and Poblacht na hÉireann. Áirítear sochar slándála sóisialaí, seirbhísí sláinte agus vótáil i dtoghcháin sna cearta seo.[1]

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

rialú pasanna

Ar an 8 Bealtaine 2019, shínigh Rialtais na hÉireann agus an Breataine comhaontú nua, meabhrán tuisceana,[2] i Londain a thugann na cearta céanna do mhuintir an dá thir i dtíortha a chéile. Ach ní raibh an comhaontú seo an t-aon rogha a bhí ag Railtas na hÉireann. Diultaíodh an rogha dul isteach sa Limistéar Schengen. Faoi mar is eol do chách, ní féidir 'teorainn chruaidh' a chur i bhfeidhm ar oileán na hÉireann.[3]

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce, Aerfort Bhaile Átha Cliath

Dá mbeadh Éire sa Limistéar Schengen, bheadh rialú inimirce agus rialú pasanna suite gan dabht idir an Bhreatain agus Tuaisceart Éireann agus teorainn intuigthe ann ar Mhuir Éireann. Ghlac an Bhreatain leis sa bhliain 2020 go mbeadh seiceálacha ann ar earraí amháin idir an Bhreatain agus an Tuaisceart  i ndiaidh an Bhreatimeachta. mar chuid den mhargadh a rinneadh i dtaobh cheist na teorann in Éirinn.[4]

Pleananna[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir dlíthe nua imirice atá á moladh ag Rialtas na Breataine (sa bhlliain 2021), beidh ar shaoránaigh an Aontais Eorpaigh - seachas saoránaigh na hÉireann - cead a fháil roimh ré ó údaráis na Breataine más mian leo dul trasna na teorann ón bPoblacht go dtí an Tuaisceart.[5]

Níl sé soiléir fós cén chaoi a gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm (tá trácht ar cháipéis dhigiteach a chur ar fáil gach uair a théann daoine trasna na teorann).

Dar le feisire parlaiminte an Dúin Thuaidh, Stephen Farry ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, go bhfuil a leithéid dochurtha i bhfeidhm. Is féidir go dtarraingeodh daoine an dlí orthu féin i ngan fhios dóibh agus iad ag trasnú na teorann le dul i mbun a gcuid gnóthaí.[5]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó bunaíodh Saorstát Éireann, bhí saoirse taistil gan bhac idir an dá thír.[6]  Bhí an comhlimistéar taistil i bhfeidhm sula ndeachaigh an Ríocht Aontaithe agus Éire isteach san Aontas Eorpach. Nuair a d’fhan an Bhreatain as Conradh Schengen, d’fhan Éire as freisin ar mhaithe leis an gcomhlimistéar sin a choinneáil.[7]

agóid, Breatimeacht, 2015

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gearóid Ó Muilleoir, iriseoir, Sunday World (2019). "Raidió na Gaeltachta, RTÉ Radio Player". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-05-08.
  2. Nuacht RTÉ (2019-05-08). "Comhaontú faoi chearta cómhalartacha le siniú i Londain" (as ga). 
  3. Nuacht RTÉ (2016-07-22). "Caithfear an comhlimistéar taistil a chosaint a deir Kenny" (as en). 
  4. "Anocht a fhágfaidh an Bhreatain an tAE tar éis 47 bliain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-08.
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2021-12-09). "Dlíthe nua imirce na Breataine "dochurtha i bhfeidhm"" (as ga). 
  6. Eoin Ó Murchú (2016). "Ná bac le reacaireacht an uafáis i dtaobh Brexit agus i dtigh an diabhail leis an bhfiontar Eorpach féin!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-08.
  7. "Comhrá gutháin a mhair nach mór uair an chloig ag Varadkar agus Johnson" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-08.