Comhaontuithe Camp David

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhaontuithe Camp David
Íomhá
Cineálconradh síochána Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana17 Meán Fómhair 1978 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCamp David, Maryland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir


Camp David, Meán Fómhair 1978. Uachtarán Sadat na hÉigipte (ar chlé) agus Príomh-Aire Iosrael, Menachim Begin. Ócáid stairiúil agus iad ag croitheadh láimhe. Uachtarán Mheiriceá, Jimmy Carter, ag faire orthu.

Síníodh na Comhaontuithe Camp David ar an 17 Meán Fómhair 1978. Sa bhliain 1977, bhí sé de mhisneach ag Anwar Sadat cuairt a thabhairt ar Iosrael agus brú a chur ar Uachtarán Iosrael, Menachim Begin, páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna síochána "Camp David" sna Stáit Aontaithe.[1]

Síníodh conradh síochána stairiúil ar an 26 Márta 1979, an Conradh Síocháin Éigipt-Iosrael.

Na cainteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí lúil 1978 bhuail Begin agus Sadat leis an Uachtarán Carter ag Camp David i Maryland i Meiriceá. Bhí cainteanna rúnda ann, a bhí dírithe ar na fadhbanna a bhain leis na hlosraelaigh a bheith ag cur fúthu i Síonáí agus ar an mBruach Thiar.

Tháinig dhá cháipéis as na cainteannaː

  • In 'Deilbhcháipéis Chonradh na Síochána' d'aontaigh Iosrael go dtabharfaí Síonáí ar ais do na hÉigiptigh de réir a chéile thar thréimhse trí bliana dá mbeidís siúd sásta Canáil Shuais agus Caolas Tiran a oscailt athuair do loingeas Iosrael.
  • Sa dara cáipéis, 'Deilbhcháipéis na Síochána', d'aontaigh Begin cainteanna a thosú faoi thodhchaí Gaza agus an Bhruaigh Thiar, as a dtiocfadh féinrialtas de shórt éigin do na Palaistínigh laistigh de chúig bliana.

Bhí an dara deilbhcháipéis an-doiléir, ní raibh na hÉigiptigh i riocht socrú ar bith a dhéanamh ar son na bPalaistíneach ná na Stát Arabach eile, agus sa deireadh thiar ní raibh aon toradh ar na moltaí.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig sé abhaile ó Mheiriceá, d'éirigh le Begin áiteamh ar an Knesset trúpaí losraelacha agus lonnaitheoirí a tharraingt siar as Leithinis Shíonáí. Chabhraigh sé sin leo conradh síochána a dhéanamh. Tháinig an bheirt cheannairí ar ais go Camp David ab bhliain dár gcionn.

Ar an 26 Márta 1979: shínigh Uachtarán an hEigipte, Anwar Sadat agus Príomh-Aire Iosrael, Menachem Begin, conradh síocháin sa Teach Bán, an Conradh Síocháin Éigipt-Iosrael.

Tharraing an beart seo agus a dhearcadh i leith an iarthair ionsaithe ó na náisiúin Arabacha eile agus ó ghrúpaí míleata loslamacha san Éigipt. Is é an toradh a bhí air sin ná gur feallmharaíodh Anwar Sadat sa bhliain 1981.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ivan Minnis (2004). "Coimhlint sa Mheán-Oirthear" An Gúm (ISBN 1857915410). 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]