Colm de Bhailís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaColm de Bhailís

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Bealtaine 1796
Leitir Mealláin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Feabhra 1906
109 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, cumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata

File agus cumadóir amhrán Éireannach ab ea Colm de Bhailís nó Cuilm Wallace (2 Bealtaine 179627 Feabhra 1906).[1][2][3] Is minic fonnadóirí móra sean-nóis ár linne ag canadh a chuid amhrán, leithéidí ‘Amhrán an Tae’, ‘Cúirt an tSrutháin Bhuí’ agus ‘An Seanduine Cam’.

Bhí an file tuaithe céad agus a hocht mbliana d’aois, más fíor, nuair a foilsíodh “Amhráin Chuilm de Bhailís” sa bhliain 1904.[4] Beagnach 110 bliain d’aois a bhí an file pobail nuair a cailleadh é i 1906.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leitir Mealláin

Saolaíodh i gCeantar na nOileán i gConamara é. Ní fios an i Leitir Mealláin, i nGarmna nó i mBaile na Cille a rugadh é.

Sáibhéar agus saor cloiche a bhí i gColm de Bhailís, agus bhíodh sé ag cur caoi ar thithe freisin. Chaith sé a óige sa cheantar áitiúil, ach ina dhiaidh sin rinne sé go leor taistil. Chaith sé seal i gCathair na Mart, tamall sa Tulach Mór agus aon bhliain déag i gCill Rois i gContae an Chláir. Bhíodh sé ag obair in áiteanna éagsúla i gConamara chomh maith.

Agus é tuirseach den taisteal, chuir sé faoi ina cheantar dúchais, i mBaile na Cille.

Tá Leitir Mealláin suite i gcróilár Ghaeltacht Chonamara

Bhí sé pósta le Siobhán Frainc Ní Lochlainn ar dtús. Cailleadh Tomás, an t-aon mhac amháin a bhí acu, leis an eitinn sa mbliain 1877.

Fuair Úna, a dhara bean, bás thart ar an mbliain 1900. Bhí de Bhailís an-aosta anois. Tamall ina dhiaidh sin bhí air a theach féin a fhágáil agus d'aistrigh sé go Teach na mBocht in Uachtar Ard. Ghlac an bainisteoir, Isodore Darcy, trua dó agus d'iarr sí ar ógánach as an áit, Pádraig Ó Domhnalláin (1884-1960) comhluadar a choinneáil leis an bhfile, agus aire a thabhairt dó.[3]

Ceantar na nOileán

Bhí clú agus cáil ar Cholm de Bhailís agus ar a chuid amhrán sa cheantar faoin am sin. Ach ní raibh a fhios ag mórán daoine go raibh an file féin fós beo agus ina chónaí i dTeach na mBocht in Uachtar Ard. Scríobh Ó Domhnalláin amhráin síos ó bhéal de Bhailís agus foilsíodh alt faoi san iris Celtia (D.F. 1902).

An Claideamnh Soluis, 1903

Chuir Ó Domhnalláin síos air in alt a foilsíodh sa gClaidheamh Solais i mí na Bealtaine 1903. As sin tháinig achainí ó Phádraig Mac Piarais chun airgead a bhailiú le teach dá chuid féin a chur ar fáil do Cholm. Chaith de Bhailís 1903-1905 i dteach áitiúil mar sin. Ach b'éigean dó filleadh ar Theach na mBocht i ndeireadh a shaoil agus fuair sé bás ann ar 27 Feabhra 1906.[3]

Cuireadh i reilig Chill Chuimín, in Uachtar Ard, é.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an-tóir ar a shaothar i gcónaí, agus tá amhráin dá chuid le cloisteáil fós i gConamara. Tá Cúirt an tSrutháin Bhuí, Amhrán an Tae, Beartlín an Gadaí, An Seanduine Cam, an Luch i nGarraí Fataí agus An Bás ar na hamhráin is mó atá luaite leis.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh Conradh na Gaeilge cnuasach dar teideal Amhráin Chuilm de Bhailís sa mbliain 1904, ina raibh na hamhráin a bhí bailithe ag Pádraig Ó Domhnalláin síos ar fáil.

D'fhoilsigh Cló Iar–Chonnacht dlúthdhiosca, Fleadh 'gus Féasta, Amhráin Choilm de Bhailís sa mbliain 1995, agus leabhar, Amhráin Choilm de Bhailís, sa mbliain 1995.

Chuir Gearóid Denvir an leabhar seo in eagar, ina bhfuil trí amhrán breise, chomh maith leis na seacht gcinn déag a bhailigh Ó Domhnalláin. Bráca a thóg de Bhailís i Leitir Caladh a spreag Cúirt an tSruthan Bhuí.

Rinne Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha athchóiriú ar an "gCúirt". Tá sí lonnaithe gar do Brandy Harbour, agus déantar de Bhailís a chomóradh gach bliain.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Amhráin Chuilm de Bhailís (1904), eag J.H. Lloyd, fógraí le Dubhghlas de hÍde agus Pádraig Mac Piarais.
  • G. Denvir (eag), Amhráin Choilm de Bhailís (1996)
  • P. Ó Ceannabháin, Mo chuid den tsaol:
  • Traditional songs from Connemara (CD; Indreabhán, 1997)
  • Ainm.ie

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gearóid Denvir. "Amhráin Choilm de Bhailís". www.cic.ie (Cló Iar-Chonnacht). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-12. Dáta rochtana: 2021-02-27.
  2. Tá an Teastas Bháis le léamh i leabhar "Amhráin Choilm de Bhailís" le Gearóid Denvir agus tá an 27 Feabhra 1906 ceart (dáta eile ar ainm.ie)
  3. 3.0 3.1 3.2 "De Bhailís, Colm | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-02-27.
  4. "DE BHAILÍS, Colm (1796–1906)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-02-27.