Cinedhíothú na Ruandach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCinedhíothú na Ruandach
Íomhá
Map
 1°56′24″S 29°52′15″E / 1.94°S 29.8708°E / -1.94; 29.8708
Cineálcinedhíothú
coinbhleacht Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse7 Aibreán - 17 Iúil 1994
SuíomhRuanda Cuir in eagar ar Wikidata
TírRuanda Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocTútsaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisConsequences of the Rwandan genocide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1
1,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
8 Aibreán 1994-14 Aibreán 1994Opération Amaryllis (en) Aistrigh
17 Bealtaine 1994-Arms embargo (en) Aistrigh
6 Aibreán 1994 Assassination of Juvénal Habyarimana and Cyprien Ntaryamira (en) Aistrigh
Opération Turquoise (en) Aistrigh
2017 Pope Francis asks for forgiveness for church's role in Rwanda genocide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Rinneadh cinedhíothú ar phobal na Batutsi i Ruanda sa bhliain 1994; thosaigh an sléacht, nó Cinedhíothú na Ruandach, ar 7 Aibreán 1994 agus lean sé ar aghaidh ar feadh cúpla mí. Maraíodh b'fhéidir 800,000 ar feadh 100 lá.[1] Ní dhearna an pobal idirnáisiúnta a dhath.[2]

Grianghraf na íospartaigh

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí coimhlint ar siúl i Ruanda ó 1990. Fuair baill an RPF (Rwandan Patriotic Front) a gcuid traenála in Uganda, ar comhghuaillí tábhachtach de chuid na Breataine agus na Stát Aontaithe é, sula ndearna siad ionradh ar Ruanda sa bhliain 1990 – eachtra nár cháin an comhphobal idirnáisiúnta riamh[3].

Paul Kagame, 2014

Cuireadh tús leis an marú ar mhórscála i mí Aibreáin na bliana 1994 tar éis “aerthionóisc” inar maraíodh uachtaráin Ruanda agus na Burúine ar a mbealach abhaile ó chainteanna síochána.

Juvénal Habyarimana, 1980

Maraíodh Uachtarán Ruanda, Juvénal Habyarimana agus cuid den rialtas nuair a bhuail diúracán dromchla go haer an t-eitleán ina rabhadar ag taisteal ar 6 Aibreán 1994.

Lean an ghéarchéim ar aghaidh ar feadh míonna. Maraíodh b'fhéidir 800,000 ar feadh 100 lá.[1]

Cuireadh an milleán ar antoiscigh na Bahutu as an eitleán a leagan le lámhach. Ach dar le himscrúdaitheoir ó na Náisiúin Aontaithe, Michael Hourigan, bhí an RPF freagrach as a bhfeallmharú.

National University of Rwanda

Níor tháinig deireadh leis an gcogaíocht sa bhliain 1994 ach an oiread. Rinne rialta Ruanda ionradh – i gcomhpháirt le harm Uganda – ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (nó an tSáír mar a tugadh ar an tír) sa bhliain 1996 agus arís sa bhliain 1998. Dar leis an rialtas ag an am, bhí sé ar lorg daoine de chuid phobal na Bahutu a bhí freagrach as an gcinedhíothú, nó génocidaires, mar a tugadh orthu. Ach bhí cúis leithliseach eacnamaíoch leis na hionraí ar an gCongó chomh maith, is cosúil.

Scoil i Murambi

Anailís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Hútaigh a bhí páirteach sa chinedhíothú i Ruanda 'ciaróga dubha' ar na Tútsaigh (úsáideann gach feachtas cinedhíothaithe lipéadú chun dídhaonnú a dhéanamh orthu siúd atá le cinedhíothú).[4]

Breathnaítear ar an tragóid mar eachtra a léiríonn go mbíonn an Afraic, go minic, faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh.

fás an daonra

Dar le daoine áirithe, bhí na Stáit Aontaithe neodrach sa choimhlint idir pobal na Bahutu agus pobal na Batutsi. Meastar go forleathan gur chuma leis na Stáit Aontaithe faoi Ruanda marnach bhfuil mórán acmhainní nádúrtha ann. Deirtear go minic go raibh drogall ar na Meiriceánaigh dul isteach i dtír Afracach eilemar gheall ar Chath Mogadishu, eachtra “threampánach”, inar maraíodh ocht saighdiúir déag, a tharla sa tSomáil sa bhliain roimhe sin[5].

Ach b'fhéidir go bhfuil an scéal seo róshimplí agus bréagach. Maíonn Boutros-Ghali (a bhí ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ag an am)[6] gur éirigh le rialtas Clinton – le cúnamh suntasach ón mBreatain – cosc a chur ar na Náisiúin Aontaithe maidir le fórsa éifeachtach síocháiníochta a chur chun na tíre.

Ceannaire an RPF ba ea Paul Kagame,[7] a tháinig i réim i Ruanda sa bhliain 1994 agus a bhí i gcumhacht go fóill sna 2010idí.

Comóradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáiltear an Lá Idirnáisiúnta Machnaimh ar an gCinedhíothú i Ruanda ag na Náisiún Aontaithe ar 7 Aibreán gach bliain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Rwanda: How the genocide happened" (en-GB) (2011-05-17). Dáta rochtana: 2019-04-07.
  2. Frank Reidy (2015-04-20). "FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Frank Reidy – Ó Chósta go Cósta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-17.
  3. "Cinedhíothú i Ruanda" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-04-07.
  4. Fachtna Ó Drisceoil (24 Eanáir 2023). "Tá dídhaonnú á dhéanamh ar mhuintir na hÚcráine ar chúis soiléir…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-26.
  5. "Military History Online". www.militaryhistoryonline.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-02-02. Dáta rochtana: 2019-04-07.
  6. Dar le Boutros Boutros-Ghali. Ina leabhar dar teideal Unvanquished: A U.S - U.N. Saga, “The genocide in Rwanda was 100 percent the responsibility of the Americans!
  7. Chuaigh oifigigh de chuid an RPF go Meiriceá le go gcuirfí traenáil speisialta orthu chomh maith agus is céimí de chuid an choláiste mhíleata in Fort Leavenworth, Kansas é Paul Kagame.