Cilldeighilt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Trí chineál cilldeighilte

Is éard is cilldeighilt[1] ann ná an próiseas trína roinntear máthairchill ina dhá nó níos mó mac-cheall. De ghnáth, bíonn an chilldeighilt ina cuid bheag de thimthriall cille níos mó. Tugtar miotóis ar an chineál cilldeighilte seo sna heocaróit, rud a fhágann mac-chill atá in ann í féin a dheighilt arís. Tugtar déscoilteadh ar an saghas cilldeighilte comhfhreagrach sna prócaróit. Tugtar méóis ar an gcineál eile cilldeighilte, a fhaightear sna heocaróit amháin, ina gclaochlaíonn an chill go buan chuig gaiméit agus ní scoiltear arís í go dtí go mbeidh sí toirchithe. Go díreach sula ndeighltear an mháthairchill, déanann sí macasamhlú ADN.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cilldeighilt” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-02.