Ciarán Ó Con Cheanainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCiarán Ó Con Cheanainn
Beathaisnéis
Breith12 Iúil 1981
Bás4 Feabhra 2009
27 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann
Ollscoil na Gaillimhe
Coláiste Cholmcille
Scoil Sailearna
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Ba scoláire Gaeilge agus amhránaí ar an sean-nós é Ciarán Ó Con Cheanainn (Iúil 1981 - 3 Feabhra 2009[1]). Shaothraigh sé cáil i measc lucht na Gaeilge nuair a bhuaigh sé Comórtas Chorn Uí Riada agus é ar an duine ab óige riamh chun a gradam sin a bhuachan. Cailleadh go tobann agus é ina fhear óg.[2]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh Ciarán Ó Con Cheanainn i Sail Chuanna sa Spidéal, i nGaeltacht na Gaillimhe. Cuireadh oideachas air i Scoil Sailearna agus i gColáiste Cholm Cille in Indreabhán. Bhain sé céim amach ansin i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh sa bhliain 2002, sa Ghaeilge agus sa Tíreolaíocht. Anuas air sin, bhain sé MA agus MLitt amach i UCD agus bhí sé ag obair ar a dhochtúireacht le linn dó a bheith ag obair mar léachtóir Gaeilge ansin, go dtí go bhfuair sé bás gan choinne.

Is iomaí comórtas amhránaíochta ar an sean-nós a bhuaigh Ciarán, ina measc; Fleadh Cheoil na hÉireann; Corn Mháire Mhic Dhonnchadha; Sean-Nós na bhFear.

Corn Uí Riada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buaiteoir ar Chorn Uí Riada, bpríomhchomórtas sean-nóis na hÉireann ag Oireachtas na Gaeilge, ba é sa bhliain 2008, tar éis dó teacht sa dara háit sna blianta 1999 agus 2003.[3] Ba é an duine ab óige ag an am le Corn Uí Riada a bhuachan nuair a thug sé leis an corn ag Oireachtas na Samhna sa bhliain 2008.

Corn Uí Chon Cheanainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal in ómós do Chiarán sa bhliain 2015 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Corn Uí Chon Cheanainn a glaodh ar an gcomórtas.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]