Cantabria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCantabria
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHimno a La Montaña Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 43°20′N 4°00′W / 43.33°N 4°W / 43.33; -4
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairSantander Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán584,507 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús109.85 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla5,321 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Chantabrach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdePeña Vieja (en) Aistrigh (2,613 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleleibhéal na farraige (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síProvince of Santander (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1982
Eagraíocht pholaitiúil
• Presidente of Cantabria (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataMaría José Sáenz de Buruaga (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-CB Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES13 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincantabria.es Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: gobcantabria Twitter: cantabriaes Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhphobal féinrialaitheach é Cantabria atá suite in oirthuaisceart na Spáinne. Santander an phríomhchathair. Tá Cantabria ag críochantacht le Tír na mBascach (cúige na Bioscáine), agus ó dheas tá Castilla y León, agus san oirthear tá Asturias. Tá cósta aige ó thuaidh chomh maith.

Tá Cantabria lonnaithe laistigh den Spáinn Glas, ainm a dtugtar don réigiún idir muir Cantabria agus sléibhte Cantabria i dtuaisceart na Spáinne. De bharr an bháistí agus na haeráide aigéanaí bíonn an fásra an-ghlas. Tá tionchar mór ag an Aigéan Atlantach, tagann an ghaoth ón Atlantach agus bíonn sé sáinithe leis na sléibhte; meán deascadh na háite ná 1,200 mm.

Tá tábhacht ar leith ag Cantabria de bharr an mhéid láithreán seandálaíochta atá le fáil ann. Tagann cuid dóibh as an ré pailéiliteach. Tá naoi bpluais ann le stádas Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO. Tá líníocht phluaise le feiceáil mar shampla i bpluais Altamira, atá dátaithe 16,000 go 9,000 RC.

Cruthaíodh Cúige Cantabria ar an 28 Iúil 1778. Glacadh le Reacht Cantabria ar an 30 Nollaig 1981, agus mar sin stádas fhéinrialathach.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá saineolaí fós ag iarraidh ainm an réigiúin, "Cantabria", a mhíniú ach níl se cinnte fós. Glactar leis go dtagann an fhréamh cant- ón bhfocal Ceiltise ar clochcarraig, agus is cosúil gur úsáideadh -abr mar iarmhír sna réigiúin cheilteacha. Mar sin b'fhéidir gurb é an ciall a bhí le "cántabro" ná "muintir na gcarraigeacha" ag tagairt don talamh carraigeach agus sléibhtiuil atá sa réigiún.

Tíreolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is réigiún sléibhtiúil é Cantabria chomh maith leis an gcósta ó thuaidh agus tá acmhainní nádúrtha tábhachtacha le fáil ann:

  • An Cósta. Tá cósta Cantabria 10 km ar fhad nach ardaíonn thar 500m. Tá gleannta ann chomh maith leis na haille atá briste ag aibhneacha a chruthaíonn ria agus tránna. Tá Bá Santander an eang is mó ar an gcósta ó dheas ardaíonn an talamh le bualadh leis na sléibhte.
  • Na Sléibhte. Is balla fada é seo comhthreomhar leis an bhfarraige. Tá na sléibhte déanta don chuid is mó de aolchloch agus tógann siad suas chuid mhaith de achar Cantabria. Cruthaíonn siad gleannta doimhne. Tá na aibhneacha gearr ach le srutha tapaidh agus cumhacht creimeadh láidir agus mar sin tá fana na sléibhte géar.

Ó dheas tá na sléibhte níos mó fós. Tá sléibh raon mhór aolchloiche, Picos de Europa, san iardheisceart: chuid mhaith dóibh níos airde ná 2,500 m, cruthaithe ag na oighearshrutha a bhí ann fadó.

Contaetha agus Bardais Cantabria[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 10 gcontaetha agus 102 Bardais i gCantabria.

Contaetha agus Bardais Cantabria


Bardais de réir Daonra
(2017)[1]
Uimhir Bardas Daonra Pálás Magdalena
Santander
Eaglais Theachtaireacht an Aingil
Torrelavega
Port Castro-Urdiales
Castro-Urdiales
1. Santander 171,951
2. Torrelavega 52,034
3. Castro-Urdiales 31,817
4. Camargo 30,556
5. Piélagos 24,918
6. El Astillero 18,120
7. Santa Cruz de Bezana 12,818
8. Laredo 11,347
9. Santoña 11,004
10. Los Corrales de Buelna 10,912

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Fuente: INE (01-01-2017).




Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla