An Caiseal, Contae na Gaillimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Caiseal, Contae na Gaillimhe

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°25′07″N 9°48′01″W / 53.41865°N 9.80033°W / 53.41865; -9.80033
Tíreolaíocht
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1413565

Sráidbaile ar chósta thiar Chonamara in iarthar Chontae na Gaillimhe i bPoblacht na hÉireann is ea an Caiseal[1] (Cashel as Béarla).

Na Beanna Beola ó Chaiseal, Co. na Gaillimhe, 13 Mí na Samhna 2004

Tá an sráidbhaile suite in aice le Cuan an Chaisil, cuaisín de chuid Chuan na Beirtí Buí.

Tá Droichead Thuaim Beola le fáil cúig chiliméadar siar ón mbaile: bhunaigh duine de mhuintir Uí Fhlatharta (a bhí i gceannas ar Chonamara go dtí ré Shéamais II Shasana) mainistir de chuid na nDoiminiceach ansin sa bhliain 1427. Chaith Charles de Gaulle tamall ar saoire sa cheantar sa bhliain 1969 tar éis dó eírí as a phost mar uachtarán na Fraince.

Tagann ainm an tsráidbhaile ó chaiseal ciorclach sa reilig i gCaiseal Ard, ar shliabh tuairim is ciliméadar amháin soir ó thuaidh ón mbaile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]