CLG Úlla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úlla
Béarla: Oola
Bunaithe: 1888
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: Idirmheánach
Iomáint: -
Dathanna: Bán is dearg
Páirc: An Ghléib, Úlla, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Úlla.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe sa chuid de pharóiste Sulchóit/Úlla atá suite in Oirthear Chontae Luimnigh, 25km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh ar bhóthar an N24. Tá an dá thrian eile de suite i gContae Thiobraid Árann, áit a bhfuil club eile darbh ainm dó Sulchóit suite. Tagann formhór imreoirí Úlla as baile Úlla féin, as na ceantracha tuaithe an pharóiste máguaird ar nós Caisleán Lóid, Móin na hAidhle, An Baile Beag agus Baile Uí Bhriain agus as baile agus paróiste Dún Bleisce.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear ach an pheil amháin sa chlub agus tá sé nasctha le Dún Bleisce i gcomhair na ha hiomána.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí traidisiún láidir peile i gcónaí ins na paróistí ar an dteorann idir Contae Luimnigh agus deisceart Contae Thiobraid Árann agus tá tagairtí ann faoi chomórtaisí á imirt sa cheantar roimh bhunú CLG sa bhliain 1884. Ceaptar gur bhumaíodh club faoin ainm Úlla go hoifigiúil sa bhliain 1888. Bhí trí fhoireann peile láidir sa cheantar ag an am agus d’aistirgh imreoirí idir An Cnocán, Pailís na Gréine agus Úlla ó bhliain go bliain. Chomh maith le sin, tháinig roinnt mhaith des na peileadóiri ar fhoirne mhóra na cathrach ar nós Na Trádálatihe as an bparóiste.

Bhuaigh Úlla Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1900 tar éis dóibh Mainistir na Féile a chur síos sa chluiche ceannais. D’éirigh leo arís sa pheil sinsear leis an bua d'fháil ar Mhainistir na Féile sa bhliain 1918 agus arís sa bhliain 1922 agus ar Bhaile an Londraigh] sa bhliain 1925 agus b’fhéidir go mbeadh tuilleadh craobh buaite acu le linn an tréimhse sin muna raibh Cogadh na Saoirse agus An Cogadh Cathartha ag cur isteach go mór ar imirt na peile.

Thit an club as a chéile ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin. D'imir roinnt dá n-imreoirí ar fhoireann Dún Bleisce a bhuaigh Corn Peile Soisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1928 agus roinnt eile ar fhoireann An Chnocáin a chaill cluiche ceannais craobh sinsear an chontae ceithre uair as a chéile i gcoinne An Ghleanna idir na blianta 1928 agus 1931. Tháinig Úlla agus Dún Bleisce le chéile faoin ainm Raonaithe an Bhaile Nua ag tús blianta na 1930í agus chailleadar cluiche ceannais craobh sinsear an chontae faoi dhó i gcoinne An Ghleanna sna blianta 1933 agus 1934. Ina dhiaidh sin, b’iad Átháin agus An Cnocán na clubanna ba láidre in oirthear an chontae agus thit Úlla, a bhí ag imirt arís ar a naonar, síos go dtí an grád sóisear. Bhuadar Corn Peile Sóisear an Chontae sa bhliain 1946 agus nuair a d’fhilleadar ar imirt peile sinsear, ghbhadar craobh an chontae do chúigiú uair sa bhliain 1961 i ndiaidh buachaint ar fhoireann na roinne Gaeil an Iarthair sa chluiche ceannais.

Le linn blianta deiridh na 1960í, ba é Úlla an club peile ba láidre i gcomórtaisí na n-óg ach níor éirigh leo arís sa pheil sinsear go dtí an bhliain 1979 nuair a bhfuaireadar an lámh in uachtar ar Eas Géibhtine. Bhuiagh Coláiste Thumhan orthu sa bhliain dár gcionn agus ba í sin an uair dheireannach a d'imríodar i gcluiche ceannais an sinsear chontae. Thiteadar síos ón ngrád uachtarach sa bhliain 2002 agus tá siad ag imirit peile idirmheánach ó shin i leith.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir Úlla le blianta ar pháirc an phobail sa Ghléib ar imeall theas an bhaile agus, i ndiaidh á ceannach timpeall na bliana 2003, tá áiseanna dá chuid féin á fhorbairt ar an suíomh.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc peileadóirí cáiliúla Úlla, d’imir Dáithí Ó Cuirc (Davy Quirke) ar fhoireann Luimnigh I gcluiche ceannais na Mumhan sa bhliain 1965 agus Dónal Mac Giobún (Donal Fitzgibbon) agus Risteárd Ó Baoill (Richard Bowles) i gcluiche ceannais na bliana 1991.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).