CLG Clochán (Luimneach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clochán
Béarla: Claughaun
Bunaithe: 1902
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Idirmheánach
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Uaine is bán
Páirc: Bóthar Childers, Luimneach
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Clochán .

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Naomh Eoin thart ar Gharraí Eoin, Bóthar Mulgrave agus Geata Eoin i lár Chathair Luimnigh. ach, ós rud é gur thréig móramh daonra an pharóiste go dtí tithíocht nua ar imeall na cathrach le linn dara leath an 20ú haois, tagann an-chuid dá imreoirí anois óna heastáit timpeall Bóthar Bhéal Átha Shiomóin agus Bóthar Childers ar thaobh thoir na cathrach ar nós Páirc Lynwood, Radharc Chaladh Uí Threoigh agus Páirc Phlásóg na Coille.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear an pheil agus an iomáint i gClochán. Cé go raibh béim an chlub dírirthe ar dtús i dtreo na hiomána, tháinig an pheil chun chinn le linn blianta na 1950í agus d’éirigh níos fearr le Clochán sa pheil ón mbliain 1982 i leith.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí foirne ag imirt peile agus iomána lena chéile i lár-chathair Luimnigh sular bhunaíodh CLG sa bhliain 1884 agus cláraíodh iad go hoifigiúil mar clubanna nuair a ghlacadh le rialacha caighdeánacha an dá spórt. Ina measc siúd, b'iad Na Trádálaithe an fhoireann peile ba láidre sa chontae agus ba iad Naomh Mícheál as paróiste lár na cathrach an club iomána ba láidre sa chathair.

Bhí club eile bunaithe i nGarraí Eoin agus Sráid Mulgrave agus thugadar Naomh Eoin, ainm paróiste na hardeaglaise, orthu. Shroicheadar cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1889 ach chailleadar i ndiaidh achomharc ó Na Trádálaithe. Tá tuarisc faoi chomórtas peile a d'imríodar i gcoinne Craobh Emmet in Áth na Coite i Mí Márta na bliana 1895 ach is beag tagairt a bhfuil orthu i ndiaidh sin. Is cosúil go raibh an club tar éis titim as a chéile roimh theacht an 20ú haois.

Sa bhliain 1902, tháinig iománaithe agus peileadóirí an pharóiste le chéile chun club nua a eagrú agus ba é Clochán an t-aon chlub CLG sa chontae a raibh stádas sinsear leanúnach acu sa pheil agus san iomáint araon ón lá sin suas go dtí gur thit na hiománaithe síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 2002. Bhí an-chuid clubanna gníomhch fós i lár na cathrach le linn blianta na 1900í ach, le teacht an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus na dTrioblóidí ina dhiaidh, bhí an mórchuid díobh, foirne ar nós Naomh Micheál, na Seamróga, Na Náisiúnaithe agus Na Gearaltaigh, tar éis titim as a chéile. Mhair Clochán, áfach, agus thángadar chun chinn le linn blianta na 1910í nuair a ghabhadar Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh faoi cheathair i ndiaidh an bua d'fháil ar Caisleán Uí Chonaill i gcluiche ceannais na bliana 1914, Cathair Laighin sa bhliain 1915, Feadamar sa bhliain 1916 agus An Caisleán Nua Thiar sa bhliain 1918.

Clochán v Tobar Phádraig, cluiche ceannais Srath-chomórtas Iomána Sóisear B Chathair Luimnigh sa Réabóg ar an 20ú Meitheamh 2009.

Tar éis dóibh an chorn a bhuachaint arís sa bhliain 1926, tháinig meath éigin orthu nuair ba iad Éire Óg club mór na hiomána sa chathair agus Átháin sa chontae. Chomh maith le sin, bhí clubanna nua gairmiúile ar nós Garda agus Tuamhan (a bhí bunaithe sna Fórsaí Cosanta agus a athainmníodh An 12ú Cathalán i ndiaidh An Dara Cogadh Domhanda) ag mealladh imreoirí a bhí ag teacht chun na cathrach ó chontaethe eile.

Ach tháinig Clochán ar ais i ndiaidh dóibh sárú ar Naomh Pádraig sa bhliain 1957 chun Craobh Iomána Sinsear an Chontae a ghabháil don chúigiú uair agus bhuadar arís é sna blianta 1958, 1968, 1971 agus 1986. D'fhanadar i measc cumhachtaí móra na hiomána suas go dtí blianta na 1990í ach ba bhuille mór é dóibh nuair a thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 2001. D'éirigh leo an príomh-ghrád a bhaint amach arís sa bhliain 2007 nuair a bhuadar Craobh Iomána Idirmheánach an chontae na bliana sin ach thiteadar síos arís sa bhliain 2010.

Ní raibh cáil mhór ar fhoirne peile Clocháin suas go dtí an bhliain 1955 nuair a bhuadar ar Sháirséalaigh an Chonartha i gcluiche ceannais craobh sinsear an chontae. D'éirigh leo arís i gcomórtaisí na mblianta 1959, 1967, 1969, 1970 agus 1971. Tháinig ré órga eile chucu nuair a bhuadar an chraobh faoi sheacht idir na blianta 1982 agus 1996. Ach mar an gcéanna lena niománaithe, tá na peileadóirí tar éis dul i léig chomh maith agus níor éirigh le Clochán cluiche leathcheannais craobh sinsear an chontae a shroichint ón mbliain 1996. Sa bhliain 2010, thit peileadóirí an chlub síos go dtí an grád idirmheánach i dteannta leis na hiománaithe.

Tá Clochán sa dara háit i measc buaiteoirí Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh tar éis an chorn a ghabháil ar cheithre uair déag agus sa tríú áit san iomáint tar éis bua d’fháil faoi dheich. Bhuadar an dá chorn sna blianta 1971 agus 1986, rud nár éirigh le aon chlub eile sa chontae a dhéanamh riamh.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clochán v An Caisleán Nua Thiar, Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh in Eas Géibhtine ar an 9ú Bealtaine 2009.

D’imir Clochán ar pháirceanna éigin i gceantar Saingil sarar cheannaíodh Páirc Clocháin ar chúinne Bóthar Childers agus Lána an Mhuileann Fola le linn blianta na 1970í.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá Micheál Mac an Chrois (Mickey Cross a bhuaigh boinn Craobh na hÉireann sna blianta 1934 agus 1936) agus Éamonn Ó Creagáin (Eamonn Cregan a bhuaigh bonn Craobh na hÉireann sa bhliain 1973).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).