CLG Baile an Londraigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile an Londraigh
Béarla: Ballylanders
Bunaithe: 1888
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sinsear
Iomáint: -
Dathanna: Buí is glas
Páirc: Bóthar an Phortaigh, Baile an Londraigh, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Baile an Londraigh.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club le fáil i bparóiste Baile an Londraigh ar imeall na nGaibhlte i nDeisceart Chontae Luimnigh, 45cm ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór na n-imreoirí ó Bhaile an Londraigh, ó bhailte fearainn an pharóiste ar nós Chnoc Uí Dheá, an Spidéail, Bhaile Pháiscín agus Cholláin agus ó bhailte fearainn pharóiste an Ghleanna Rua/Bhaile Uí Argáin ar nós Bhaile Uí Argáin, an Ghleanna Rua agus Bhaile an Phiaródaigh.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní imrítear ach an pheil agus tá an club nasctha leis an g Gleann Rua i gcúrsaí iománaíochta.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fiú amháin roimh bhunú oifigiúil CLG, d'imrítí an pheil go forleathan in oirdheisceart Chontae Luimnigh. Tá grianghraf d'fhoireann ann agus Seamróga Bhaile an Londraigh orthu ón mbliain 1888 agus tá cuntas ann ar chluiche peile a imríodh idir na Seamróga agus Eatharlach ó Thiobraid Árann sa bhliain 1885 ach is beag tagairt eile a rinneadh don ainm sin go dtí an 20ú céad. Nuair a athbhunaíodh Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1911 bhuaigh Baile an Londraigh ar Chaisleán Uí Mhathúna sa chluiche cheannais agus d’fhan an chorn sa pharóiste ar feadh sé bliana déag mar níorbh fhéidir le Coiste an Chontae an chraobh a eagrú le linn an Chéad Chogadh Domhanda]] agus na dTrioblóidí.

Idir an dá linn d’fhás an pheil go tapa sa pharóiste. Bhuaigh siad Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1917 agus ba iad na himreoirí chéanna a bhí ar fhoireann Luimnigh a chaill cluiche cheannais Chraobh Peile Sóisear na hÉireann sa bhliain chéanna i gcoinne Bhaile Átha Cliath.

Tar éis dóibh Craobh Sóisear an Chontae na bliana 1920 a bhuachaint sa bhliain 1924 agus i ndiaidh cluiche ceannais sinsearach na bliana 1925 a chailliúint i gcoinne Úlla, ní raibh rath ar Bhaile an Londraigh sa phríomhghrád go ceann seachtó bliain eile. Cé gur bhuaigh siad an Chraobh Shóisearach den tríú huair sa bhliain 1933 (i ndiaidh buachaint ar Átháin) agus den cheathrú uair sa bhliain 1952 (tar éis Úlla a chloí sa chluiche ceannais), níor lean siad orthu ag imirt peile sinsearach ach bliain nó dhó i ndiaidh na mbuanna sin.

Ba ghruama an tréimhse i bpeil an Deiscirt idir na blianta 1925 agus 1969 nuair nár shroich aon chlub ón roinn cluiche ceannais sinsearach an chontae. Agus nuair a tháinig feabhas ar an scéal, bhí an lámh in uachtar ag Cromadh sna 1970í agus ag Gallbhaile sna 1980í.

Ach i ndiaidh mórobair a dhéanamh sna comórtais óga, chruinnigh glúin nua i mBaile an Londraigh sna 1990í. D'aontaigh siad le Gaeil Ghailtí agus Garrdha Uí Spiolláin faoin ainm Fánaithe Gleann an Chorráin chun Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh a bhuachaint sa bhliain 1991. Tháinig corn sóisearach an chontae ar ais chuig an gclub den chúigiú huair nuair a bhuaigh siad ar Ghearóid Ó Gríofa agus ba chlub sinsearach arís é Baile an Londraigh sa bhliain 1998 i ndiaidh éirí leo i gcoinne Phailís na Gréine chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a bhaint. Bhí an Chraobh Shinsearach ina seilbh acu an bhliain dár gcionn nuair a bhuaigh siad ar an Ospidéal/Chathair Fuinse agus arís sa bhliain 2007 tar éis dóibh Drom Chollachair/Béal an Átha a shárú.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leis na blianta fada bhí Baile an Londraigh ag imirt ar pháirceanna a bhí ar cíos acu timpeall an bhaile. Orthu siúd bhí Páirc Osborne (mar a bhfuil an tIonad Cúram Lae suite anois), Páirc Stiofán Uí Loinsigh (mar a bhfuil monarchan Galtee Wood suite anois), Páirc Bhreathnach (anois Páirc Uí Bhuachalla) agus Páirc Mhic Craith ar Bhóthar Ghallbhaile. Ceannaigh siad a bpáirc imeartha féin lámh leis an mbaile ar Bhóthar Chill Fhionáin sa bhliain 1981.

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc peileadóirí cáiliúla Bhaile an Londraigh a d’imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Carobh Peile Sinsear na Mumhan, tá Seán Ó Mídheach (John Meade) sa bhliain 1965, Gearóid Breathnach (Ger Walsh) sa bhliain 1991 agus Seán Ó Murchú (Johnny Murphy) sna blianta 2003 agus 2004.

B’as paróiste Baile an Londraigh freisin do Phroinsias Ó Duinnín (Frank Dineen), Uachtarán agus Ardrúnaí CLG i mblianta deiridh an 19ú haois. Ba é an Duiníneach an té a cheannaigh Páirc an Chrócaigh agus tá Lochtán Uí Dhuinnín ann ainmnithe ina onóir.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).