CLG An Gleann (Luimneach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Gleann
Béarla: Glin
Bunaithe: 1897
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sóisear A
Iomáint: -
Dathanna: Dubh is bán
Páirc: Páirc Uí Chathaláin, An Gleann, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An Gleann.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé bunaithe i bparóiste An Ghleanna ar bhruach theas Béal na Sionainne in Iarthar Contae Luimnigh, 60km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as baile An Gleann agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Coill Fhéinne, Baile Mhic Giolla tSeanáin, Baile Uí Choileáin agus Cathrach.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá paróiste An Ghleanna díreach ar theorainn Chontae Chiarraí agus tá traidisiún láidir peile sa cheantar. Imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Cé gur dheineadh iarracht foireann iomána a bhunú tráth, ní imrítear an spórt sin go forleathan sa pharóiste. Is é Naomh Ciarán an club iomána is gaire don Ghleann.

Páirc imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha An Ghleanna, Páirc Uí Chathaláin, suite 1km ó dheas ó lár an bhaile ar Bhóthar Áth an tSléibhe.

Imreoirí cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc peileadóirí cáiliúla an chlub, tá Seán Ó Ceallaigh (John Kelly), captaen buaiteoirí Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh ar cheithre ócáid (1926, 1929, 1930, 1931), agus Liam Ó Luing (Liam Long), a d’imir ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 1980í.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]