Bunachar sonraí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bunachar sonraí
Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deóstach
Tuilleadh eolais
Stack ExchangeNasc Cuir in eagar ar Wikidata
CA. SubredditDatabase Cuir in eagar ar Wikidata

WackoWiki r6.0

Is éard atá i gceist le bunachar sonraí ná cnuasach comhtháite de shonraí oibríochtúla atá ordaithe i slí ar leith agus iad stóráilte lena n-úsáid i bhfeidhmchlár ag fiontar gnó nó eile,[1] bailiúchán leictreonach de shonraí atá gaolmhar go loighciúil lena chéile de ghnáth. San áireamh leis seo, bíonn sainmhíniú de leagan amach na sonraí. Bíonn an sainmhíniú seo deartha le riachtanais eolais na heagraíochta a shásamh.

Tréithe Bunachar Sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Leictreonach:– Bíonn na sonraí i dtaisce go fisiceach ar ghléas stórála leictreonach éigin
  • Coibhneasta:– Tá na sonraí atá ann gaolta lena chéile ar bhealach éigin
  • Sainmhíniú Iniata:– Tá cur síos agus formáid chinnte ag baint leis na sonraí
  • Riachtanais Eolais:– Tá na sonraí atá i dtaisce ann tábhachtach don eagraíocht

Córas Bainistíochta Bunachar Sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bheadh sé casta bunachar sonraí a chruthú ón mbonn aníos. Is feidhmchlár é an córas bainistíochta bunachar sonraí (CBBSDBMS i mBéarla) a ligeann d’úsáideoir bunachar sonraí a chruthú agus a úsáid.

Samhlacha Bunachar Sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá samhlacha éagsúla in úsáid le sonraí a eagrú. I measc na samhlacha éagsúla atá ann, tá:

Is í an tsamhail choibhneasta an ceann is coitianta atá in úsáid sa lá atá inniu ann. I gcás na samhla seo, is féidir na sonraí a shamhlú a bheith coinnithe i bhfoirm táblaí.

CBBSanna Coitianta ar an Margadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidí Bunachar Sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bunachair shonraí in úsáid go forleathan sa saol sa lá atá inniu ann. Bíonn bunachair shonraí ag plé le gníomharthara ar nós:

  • Earraí a cheannach san ollmhargadh
  • Cárta creidmheasa a úsáid
  • Leabhar a thógáil ar iasacht ó leabharlann
  • Ticéid ceolchoirme nó pictiúrlainne a cheannach

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""bunachar sonraí"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-12-13.