Breandán Ó Doibhlin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBreandán Ó Doibhlin
Beathaisnéis
Breith1931
Rúscaigh, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Meán Fómhair 2023
91/92 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Pontaifiúil na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, aistritheoir, aistritheoir an Bhíobla Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Ba shagart, urscéalaí, drámadóir, aistritheoir agus ollamh Éireannach é Breandán Ó DoibhlinBrendan Devlin (a rugadh i Rúscaigh i dTír Eoghain ar 19 Bealtaine 1931 agus a d'éag i mBÁC ar 19 Meán Fómhair 2023), i measc na scríbhneoirí agus na gcriticeoirí Gaeilge ba chumasaí agus ba nuálaí lena linn.[1]

Bhí sé ina Ollamh le Fraincis i Maigh Nuad agus bhí an-bhaint aige le scoil chritice nua sa Ghaeilge. Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) agus An Branar gan Cur (1979) na saothair is cáiliúla dá chuid.

D’fhág a lorg go láidir ar léann agus litríocht na Gaeilge. Thug sé cead a cinn don teanga a rogha rud a rá go healaíonta agus í ina seasamh go teann ar a dúchas. Comaoin ar scríbhneoirí an ealaín agus an dua a chaith sé le fiúntas na léirmheastóireachta a aithint mar cheird thábhachtach. Agus a bhuíochas dá chuid taighde is stocaireachta tá Coláiste na nÉireannach ag na hÉireannaigh i bPáras.[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Doibhlineach ina Uachtarán ar Choláiste na nÉireannach i bPáras.

Ba i Rúscaigh, Contae Thír Eoghain, i 1931 a rugadh an Doibhlineach. Bhí sé thar a bheith bródúil as cúlra Maigh Eoch a mháthar agus as an nGaeilge Mhaigh Eoch a thug sí dó (cailleadh a mháthair i 1973).[3] Ba i gColáiste Cholm Cille i nDoire. a fuair sé meánscolaíocht.

Fuair Ó Doibhlin oiliúint mar shagart i gColáiste Phádraig Mhá Nuad, agus ollscolaíocht sa Róimh (agus sa Sorbonne i bPáras sna 1960idí).[4] Chríochnaigh sé a chuid staidéir sagartóireachta, agus oirníodh é ar an 5 Márta 1955.

Má Nuad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó iar-chéimeanna a chur i gcrích i bPáras agus i mBaile Átha Cliath, ceapadh an Doibhlineach mar Ollamh le Fraincis i gColáiste Phádraig Mhá Nuad sa bhliain 1958 agus d'fhan sé sa phost sin go dtí 1996. Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an gColáiste ó 1979 go 1982.

Ba cheannródaí i gcritic na Gaeilge é Breandán Ó Doibhlin.[5] Bhunaigh sé an Scoil Chritice Mhá Nuad sna seascaidí in éineacht le scoláirí eile, a chuir corr i gcinniúint léirmheastóireacht litríocht na Gaeilge[6].  I sraith alt a foilsíodh in Irisleabhar Mhá Nuad sna 1960í, bhain sé fónamh as modhanna criticeoireachta Fhrainciseoirí an nouvelle critique – leithéidí Roland Barthes – le scríbhneoirí nua-aoiseacha na Gaeilge a léirmheas.

Cuireadh beocht nua in Irisleabhar Mhá Nuad faoina stiúir agus rinneadh í a ateilgean ina hiris chruthanta léannta, agus cur chuige úrnua Eorpach i bhfeidhm, inar cuireadh ar fáil do phobal na Gaeilge aistí anailíseacha teoiriciúla ar ghnéithe de litríocht na Gaeilge.[3]

Thuill an scoil aitheantas mar acmhainn tábhachtach léirmheastóireachta.  (Breathnaigh ar an ghearrthóg seo ina labhraíonn Breandán Ó Doibhlin faoina shaothar féin agus faoi Scoil Chritic Mhá Nuad).[7]

Sa Fhrainc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní bhfuair sé oiliúint ghairmiúil mar léachtóir Fraincise go dtí 1963, nuair a bhronn Rialtas na Fraince scoláireacht air a lig dó tréimhse a chaitheamh in institiúid ar leith de chuid an Sorbonne. Bhí tábhacht sa bhreis ag baint leis an scoláireacht seo toisc gurbh í a chuir i dtreo Choláiste na nÉireannach i bPáras de chéaduair é agus lóistín á lorg aige.[8] Ba é an diúltú a tugadh dó sa choláiste an lá sin a spreag feachtas fada arbh é an Centre Culturel Irlandais a thoradh.

Níor fhill sé ar an gcoláiste go dtí 1975 agus é ar saoire shabóideach ó Mhaigh Nuad, ach bhí a chuid réamhoibre déanta an uair seo aige. D’éirigh leis leaba a fháil ann an uair seo agus chaith sé féin agus Liam Swords tamall ann agus revanche (mar a dúirt an Doibhlineach féin) á phleanáil acu`. D’éirigh leo, ar deireadh, teacht ar an gcáipéisíocht chuí inar leagadh amach stair theideal an Choláiste agus cé go raibh bóthar fada rompu go fóill agus go leor cainte le déanamh, d’éirigh an Doibhlineach a fhís a réadú – d’éirigh leis, i gcomhar le cairde dílse, ionad cultúrtha a chur ar bun do na hÉireannaigh, tearmann i bPáras dóibh siúd a bhí imithe ón mbaile ach ar theastaigh uathu ceangal a choinneáil leis.[3]

Ceapadh Ó Doibhlin mar Uachtarán (Recteur) ar Choláiste na nÉireannach i bPáras sa bhliain 1984.

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fáisceadh Scoil Chritice Mhá Nuad as an tuiscint a fuair Ó Doibhlin nuair a scríobh sé a chéad úrscéal, Néal Maidine agus Tine Oíche (1964), nach raibh treoir léitheoireachta nó scoil chritice ar bith ann don Ghaeilge.  Chonacthas don Doibhlinneach gur chuir sé sin bac ar léitheoirí litríocht na Gaeilge.

Fabhalscéalta La Fontaine

Níos déanaí, scríobh sé An Branar gan Cur (1979), Aistí Critice agus Cultúir, Iníon Mhaor an Uachta, Gargantua, Manuail de Litríocht na Gaeilge Iml 1-5, srl.

D'aistrigh sé cuid mhór ábhair ón Fhraincis go Gaeilge, ina measc saothar le Rabelais agus La Fontaine[9].

Tháinig Festschrift amach i 1996-1997, Féilscríbhinn an Doibhlinigh san Irisleabhar Mhá Nuad (383 lch).

Sleachta cáiliúla dá chuid[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Creidim sna Gaeil agus sna mionphobail go léir ar imríodh ansmacht agus cos ar bolg orthu, a briseadh agus a bascadh agus a náiríodh, a díbríodh as dúiche agus as tír le bheith ina sclábhaithe agus ina saighdiúirí scillinge, ar goideadh gach rud uathu, go fiú a n-ainm agus a dteanga. Ná déanaimis dearmad gur ar dhaoine a rinneadh an slad, gurb é is daonlathas ann an slad a chúiteamh agus flaitheas a chur ar ais i seilbh na ndaoine.
  • Óir diúltú don bhás is ea an cruthú, agus ní hann dó gan dóchas na beatha. Féadann an scríbhneoir, agus déanann sé, aghaidh a thabhairt ar mhíthuiscint agus dearmad agus tarcaisne, agus ar a bhás corpartha féin; ach má dhéanann, is de bharr go bhfuil an chinnteacht ag lonnú ann go dtiocfaidh an lá a nglacfaidh glúin nach bhfeicfidh sé lena shaothar agus nach dual dó an t-éag ar fad.

Ómós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhronn Poblacht na Fraince de ghradam air Chevalier de l’Ordre National du Mérite in 1979, agus Commandeur de la Légion d’Honneur in 2001 as a shaothar ar son caidreamh cultúrtha idir an Fhrainc agus Éire.[10] Rinneadh Pearsa den Teaghlach Pápúil de in 1997.

Scríobh Tadhg Ó Dúshláine dán in ómós dó :[3]

"Is tú fós againn lóchrann na critice

Damhna na lúcháire is ár n-ábhar dóchais.

Sólás is misneach as saothar do phinn;

An Fuascailteoir a ghnóthaíonn dúinn

Ár n-áit i measc na náisiún

Is tógáil ár gcinn".

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá oidhreacht bhuan againn ina shaothar ón úrscéal ceannródaíoch sin i dtús na seascaidí, Néal Maidine agus Tine Oíche go dtí Sliocht ar Thír na Scáth in 2018.[2]

Ficsin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Néal Maidine agus Tine Oíche (1964), úrscéal, allagóire bíobalta ar an oidhreacht chreidimh agus chultúir[11]
  • An Branar gan Cur (1979), úrscéal[12]
  • Sliocht ar Thír na Scáth (2018)), úrscéal[13]
  • Iníon Mhaor an Uachta, dráma[14] (Dráma thrí ngníomh é seo atá suite le linn Phlandáil Chúige Uladh, díreach roimh Éirí Amach 1641)

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aistrigh an Doibhlineach go Gaeilge Rabelais, Montaigne, Pascal, La Fontaine, Saint-Exupéry, Charles Péguy, Georges Bernanos, mar aon le duanaire d'fhilíocht liriciúil na Fraincise.

  • Fabhalscéalta La Fontaine, Breandán Ó Doibhlin a d’aistrigh, Coiscéim, 1997.
  • An Bíobla. D'aistrigh sé Leabhar Íseáia Fáidh ón Eabhrais go Gaeilge do Bhíobla Mhá Nuad.
  • Caiticiosma na Vatacáine. Bhí an Doibhlineach ina eagarthóir agus aistritheoir (ón bhFraincis) le tiontú Gaeilge Chaiticiosma na Vatacáine.
  • Gargantua[15] Sárshaothar grinn is ea an leabhar seo, a d’fhág ainm an údair - Rabelais - ina aidiacht i mórán de theangaí Iarthar na hEorpa.

Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Aistí Critice agus Cultúir,
  • Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil 1 - Ar imeall an Choncais, 1500 ar aghaidh[16]
  • Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil 2
  • Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil 3
  • Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil 4
  • Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil 5

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Breathnaigh ar an ghearrthóg seo ina labhraíonn Breandán Ó Doibhlin faoina shaothar féin agus faoi Scoil Chritic Mhá Nuad).[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Breandán Ó Doibhlin, scríbhneoir agus smaointeoir ildánach ilteangach, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-20). Dáta rochtana: 2023-09-20.
  2. 2.0 2.1 "Na Gaeil a d’imigh uainn in 2023" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-27). Dáta rochtana: 2023-12-27.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Tracey Ní Mhaonaigh (25 Meán Fómhair 2023). "‘Fear cóirithe na ród’ – Ba é misean an Doibhlinigh misneach a mhúscailt i measc na nGael" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-02.
  4. Nuacht RTÉ (2023-09-22). "An Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin adhlactha" (as ga-IE). 
  5. "BBC - Irish - Breandán Ó Doibhlin" (ga). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  6. BBC (2007). "Breandán Ó Doibhlin, a shaothar fein,2009,BBC,Má Nuad,Ollamh,Maynooth,Irish,literature". Dáta rochtana: 2020.
  7. 7.0 7.1 TG Foghlaim ar Youtube (2010 ?). "Breandán Ó Doibhlin,Comhairle do scríbhneoir,2009,BBC,Má Nuad,Ollamh,Maynooth,Irish,literature" (as ga-IE). 
  8. baineadh geit as nuair a fuair sé amach go raibh an foirgneamh in úsáid mar chliarscoil ag na Polannaigh.
  9. Jean de La Fontaine, Breandán Ó Doibhlin (1997). "Fabhalscéalta La Fontaine" (as Irish). Baile Átha Cliath: Coiscéim. 
  10. Patsy McGarry. "Legion d'Honneur for monsignor" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  11. deir sé go neamhbhalbh leis an léitheoir nár cheart dó tabhairt faoin saothar in aon chor más ábhar pléisiúrtha léitheoireachta atá uaidh ó tá talamh nua á bhriseadh ann agus iarracht á déanamh daoine a chur ar bhóthar a leasa !
  12. Nuair a bhaineann sé úsáid as an dara pearsa uatha sa leabhar seo, seift a oibríonn go fíormhaith, cuireann sé iachall ar an léitheoir páirt lárnach a ghlacadh sa scéal agus machnamh a dhéanamh ar imeallachas an duine agus ar imeallachas pobail, más olc maith leo é.
  13. ní hamháin go gcuireann sé tírdhreach Lár Uladh timpeall na bliana 1600 i láthair an léitheora ach siúlann an léitheoir tríd i mbróga an phríomhcharachtair. Cuireann an t-údar dúshlán roimhe ar an mbealach sin a dhá shúil a oscailt agus aitheantas ceart a thabhairt don réabadh agus don ár a rinneadh, ní hamháin ar na daoine, ach ar theanga agus ar chultúr na nGael leis.
  14. "Iníon Mhaor an Uachta | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-09-20.
  15. Breandán Ó Doibhlin. "Gargantua | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-09-20.
  16. "Feasta - alt 5". www.feasta.ie. Dáta rochtana: 2020-04-13.[nasc briste go buan]