Bratach na Mongóile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bratach an Mhongóil

Tá bratach na Monghóile (an Mongóilis: Монгол улсын төрийн далбаа) ina trí banna cothroma, dhá cinn dearg, le ceann gorm sa lár.

Is éard is brí leis na bannaí dearga ná an chumas atá ag muintir na tíre maireachtáil agus a bheith faoi bhláth sa chomhshaol géar is lom nádúrtha atá ann sa tír. Seasann an bhanna gorma le haghaidh an spéir atá de shíor glan is gan scamall.

Tugtar Soyombo ar an siombail órga ar chlé. Is éard atá i gceist léi ná léiriú teibí ar dúil aiceanta éagsúla: an tine, an ghrian, an ghealach, an t-uisce agus an siombail ‘taijitu’ (nó yin-yang). D’uchtaíodh an bhratach sa bhliain 1992, tar éis don Mhongóil a bheith tiomnaithe i dtreo an daonlathas liobráileach. Tá an bhratach den lae inniu cosúil leis an cinn a bhí in úsáid roimh ré (is ón aimsir na 40idí), seachas an realt Sóisialachas ar bharr an Soyombo.