Bratach Iosrael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bratach Iosrael

Roghnaíodh bratach Iosrael ar an 28 Deireadh Fómhair, 1948, cúig mí tar éis a bunaíodh stát Iosrael. Is éard atá ann ná Réalta Dháiví ar chúlra bán, idir dhá stríoc gorma. Rinne an eagraíocht Siónach an dearadh don bhratach sa bhliain. Tá cosúlacht ann idir dearadh na brataí agus an Tallit, fallaing urnaí na nGiúdach, atá bán le dhá stríoc gorma uirthi. Tugtar Magen David ("sciath Dháiví") ar an heicseagram i lár na brataí; úsáideadh mar shiombail na nGiúdach ó Phrág na Meánaoise i leith, agus thogh an Chéad Comhdháil Siónach é sa bhliain 1897.