Brandon Flowers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrandon Flowers

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Meitheamh 1981
42 bliana d'aois
Henderson, Nevada, Nevada Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Chaparral
Ardscoil Juab Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, cumadóir, pianódóir, ceoltóir, cumadóir amhrán, amhránaí is scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2001 –
Ball de
SeánraRac malartach agus rac indie
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisPianó agus ceol gutha
Lipéad ceoilIsland Records
Vertigo Records
Marrakesh Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteAmmon Flowers, Gunnar Flowers, Henry Flowers Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbrandonflowersmusic.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2063353 Facebook: BrandonFlowers Twitter: BrandonFlowers Instagram: brandonflowers Youtube: UChTfZClM1osoBdrzOghD7kg Spotify: 18Zv2g2vUcEGqJf6WnjfXN iTunes: 23934543 Last fm: Brandon+Flowers Musicbrainz: 5b9dc76b-8574-4cb5-9496-ab1bc0d35c29 Songkick: 795201 Discogs: 281050 Allmusic: mn0000127310 Deezer: 560341 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí is scríbhneoir de chuid an bhanna ceoil The Killers is ea Brandon Flowers. Rugadh in Henderson, Nevada, Meiriceá é ar an 21 Meitheamh, 1981. Is é an duine is óige in a theaghlach. Tá deartháir amháin agus ceithre deirfiúr aige. Shane an t-ainm atá ar a dheartháir agus April, Shelly, Amy agus Stephanie na hainmneacha atá ar a dheirfiúracha. Bhí sé in a chónaí i Henderson ach bhog siad go Payson, Utah ar feadh dhá bhliain sular bhog siad go Nephi, Utah. Nuair a chríochnaigh sé an ardscoil, bhog sé go Las Vegas lena aintín sa bhliain 1999.

Bhunaigh sé an banna ceoil The Killers i Las Vegas sa bhliain 2001 le Dave Keuning (giotár), Mark Stoermer (dordghiotár) agus Ronnie Vannucci (drumaí). Sheol siad cúig albam: Hot Fuss (2004), Sam's Town (2006), Sawdust (2007), Day And Age (2008) agus Battle Born (2012) agus le déanaí, sheol siad albam de na hamhráin is mó ó na cúig albam. Dhíol siad níos mó ná fiche milliún albam. Sa bhliain 2010, sheol Brandon Flowers albam aonair 'Crossfire'. Shroich sé uimhir a haon i Sasana agus sa barr deich i deich dtír eile. Tá súil aige albam aonair nua a sheoladh sa bhliain 2015.

Phós sé Tana Mundkowsky ar an 2ú Lúnasa, 2005 ar an oileán O'ahu i Haváí. Tá triúr mac aige, Ammon, Gunnar agus Henry. Tá Brandon ina bhall d'Eaglais Naoimh na Laethanta Deireanacha.

Bhuaigh Brandon 'Best Dressed Man' agus 'Sexiest Man' ag an NME Awards sa bhliain 2005, 'Most Stylish Man' ag na GQ awards i 2008 agus arís ag na NME Awards i 2011, agus 'Q Idol Award' i 2012 ag na Q Awards.

Bhuaigh 'The Killers' ceithre 'Best International Band' ag na NME Awards i 2005, 2008, 2009 agus 2013, 'Best Band' i 2008, 'Best International Band' ag na BRIT Awards in 2006 agus 'Best Rock Group' sa MTV European Music Awards i 2006.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]