Bláthnaid Ní Chofaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBláthnaid Ní Chofaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Samhain 1970
53 bliana d'aois
Ontario, Ceanada Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Íosagáin Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1644385 Musicbrainz: 17d84089-807b-46d3-8d31-312bd2b24e4f Cuir in eagar ar Wikidata

Láithreoir teilifíse Éireannach as Ráth Cairn i nGaeltacht na Mí is ea Bláthnaid Ní Chofaigh, a rugadh ar an 12 Samhain 1970.

As Conamara do shinsir Ní Chofaigh, ach aistríodh go Ráth Cairn iad i 1935 le bunú Ghaeltacht na Mí. Rugadh ise féin i Québec i gCeanada.

Thosaigh Bláthnaid mar láithreoir ar Echo Island, clár síamsaíochta do dhaoine óga ar Raidió Teilifís Éireann sna 1990í, agus í ina déagóir beag. Chuaigh sí go Teilifís na Gaeilge (TG4 an lae inniu) nuair a bunaíodh an stáisiún sin sa bhliain 1996, agus d'oibrigh sí mar laithreoir ar chláir theilifíse do pháistí. Bhí uirthi sos a thógáil amach ón láithreoireacht agus í ag siúl. I ndáiríre thóg sí sos fada mar tá cúigear aici faoi láthair. Tháinig Ní Chofaigh ar ais ar an scáileán chun an clár RTÉ Celebrity Farm a chur i láthair, le réaltaí eile ar nós Twink (Adele King), George McMahon agus Máiréad McGuiness.

Bhí Bláthnaid ina láithreoir do RTÉ agus TG4 le haghaidh Comórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha 2003 in Éirinn. Tá sí ina comhláithreoir do chlár de chuid RTÉ, The Afternoon Show ó 2004 anuas. Bhí Ní Chofaigh ina ball den chlár síamsaíochta RTÉ do dhuine fásta The Podge and Rodge Show, agus thit sí i dtrioblóid faoi rudaí labhairthe aici ar an gclár faoi Dicky Rock. Bhí sí ina breitheamh ar The All-Ireland Talent Show

Faoi láthair tá Ní Chofaigh ina cónaí lena clann i mBaile Átha Cliath i ndeisceart na cathrach ach téann sí ar ais go minic go Ráth Chairn chun a muintir a fheiceáil. D'éag a hathair sa bhliain 2008 i Ráth Cairn. Tá a muintir fós ag cónaí i Ráth Chairn agus feictear Bláthnaid corruair sa Bhradán Feasa i Ráth Chairn.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]