Bhatarsaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBhatarsaigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 56°55′50″N 7°32′22″W / 56.9306°N 7.5394°W / 56.9306; -7.5394
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
OileánraInse Ghall Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán90 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús9.38 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deEileanan Bharraigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla960 ha Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach agus Muir Inse Ghall Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Ceann de Na hOileáin Siar (gd:Na h-Eileanan Siar) in Inse Ghall, Comhairle nan Eilean Siar is ea Bhatarsaigh (Béarla: Vatersay). An toileán is faide ó dheas a bhfuil daoine ina gcónaí ann is ea é. Is é An Caolas, lonnaíocht atá suite ar chósta thuaidh an oileáin, an áit is faide siar a bhfuil buanchónaí air in Albain. Tá an príomhshráidbhaile, ar a dtugtar Bhatarsaigh i ndeisceart an oileáin freisin.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cruth neamhrialta ar Bhatarsaigh agus tá tambaló aige: tá sé comhdhéanta de dhá oileán carraigeach (sa tuaisceart agus sa deisceart) nasctha le tairbeart (cuing nó muineál tíre) gainmheach. Tá an tairbeart clúdaithe le dumhcha agus ar an dá thaobh tá tránna móra bána gainmheacha: Am Bàgh Siar agus Am Bàgh Bhatarsaigh san oirthear. Tá roinnt tránna ann agus dumhcha mar chúltaca acu.

Tá an t-oileán timpeall 5 chiliméadar ón tuaisceart go dtí an deisceart, agus tá an chuid thuaidh den oileán timpeall 5.5 km ón iarthar go hoirthear.

Nascann cabhsa timpeall 200 méadar ar fhad, a críochnaíodh sa bhliain 1991, Bhatarsaigh leis an oileán níos mó Barraigh ó thuaidh. Is mór an tairbhe é seo, mar ní gá a thuilleadh go mbeadh seoladh (nó loingsiú) earraí agus trácht paisinéirí ag brath ar bhád farantóireachta beag paisinéirí. Tá rochtain ar scoileanna agus ar sheirbhísí éigeandála i bhfad níos tapúla agus níos éasca freisin. Tá an cabhsa timpeall 3 km ar siúl ó Bhàgh a' Chaisteil.

Ag an lag trá, tá an t-oileán nasctha freisin leis an oileáinín Uineasan, ar an taobh thoir. Ar an taobh theas tá na hoileáin Pabaigh, Miùghalaigh agus Sanndraigh nach bhfuil áitrithe ina gcónaí.

Fiadhúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc an fhiadhúlra ar an oileán tá dobharchúnna Eoráiseacha, eite-chosaigh (rónta) agus corra glasa (Ardea cinerea). Tá an bláth 'Plúr an Phrionsa' (Calystegia soldanella), de réir mar a deirtear, ó shíolta Francacha a thit le fána ón bPrionsa Séarlas Éadbhard, in Albain, le fáil ar Bhatarsaigh agus Èirisgeigh amháin.

Seandálaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá iarsmaí de bhrugh na hIarannaoise ar an oileán ag Dùn a' Chaolais ag breathnú amach ar Chaolas Bhatarsaigh, agus in aice láimhe tá tuama pasáiste dar dáta an 3ú mílaoise RCR. Tá reilig ón gCré-umhaois ag Trèseabhaig ó dheas ó airde Heiseabhal Mòr, agus carn a tógadh timpeall 1000 RCR siar ón shráidbhaile Bhatarsaigh. Ar an oileán amach ón gcósta Bioruaslam tá dún fálaithe a d'fhéadfadh a bheith de bhunadh Neoiliteach.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]