Bangui

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBangui
Bangui (fr)
Kötä gbätä tî Bangî (sg) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósUbangi River (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 4°22′24″N 18°33′46″E / 4.3732°N 18.5628°E / 4.3732; 18.5628
Stát ceannasachPoblacht na hAfraice Láir Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán889,231 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús13,205.15 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla67,339,690 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceUbangi River (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde369 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1889
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2CF-BGF Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Bangui príomhchathair agus an chathair is mó i bPoblacht na hAfraice Láir. Is é Bangi ainm na cathrach i Sango, teanga oifigiúil na tíre in éineacht leis an Fhraincis. Tá Bangui suite in iardheisceart na tíre, ar bhruach na hAbhann Oubangui ar an teorainn le Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Tá an chathair Congólach Zongo trasna na habhann uaidh.

D'fhás Bangui as lonnaíocht a chuir na Francaigh ar bun ar 26 Meitheamh 1889. Bhí sé ina phríomhbhaile riarachán ó shin. Tá ardeaglais ardheoise Phoblacht na hAfraice Láir suite in Bangui, chomh maith le hOllscoil Phoblacht na hAfraice Láir. D'fhulaing an chathair foréigean ag amanna éagsúla, go mór mhór faoin deachtóir Bokassa in aimsir "na himpireachta".

Bhí cónaí ar 622,771 duine in Bangui sa bhliain 2003, agus measadh 734,350 duine a bheith ann sa bhliain 2012. Tá an chuid is mó de dhaonra na tíre in iarthar na tíre, in Bangui nó sna cúigí máguaird.

Ardeaglais Notre-Dame in Bangui ar stampa na tíre