Atáirgeadh éighnéasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Atáirgeadh éighnéasach sna Marchantiophyta:(Gaeilge:aelusanna): filleadach titimeach ag péacadh

Atáirgeadh éighnéasach[1] a thugtar ar an chineál atáirgthe nuair nach mbíonn ach orgánach amháin ann chun é féin a atáirgeadh. Mar sin, ní bhíonn ach tuismitheoir amháin i gceist leis an mbealach atáirgthe áirithe seo, agus ní bhíonn gaiméití i gceist ach oiread. Is annamh, a n-athraítear uimhir na gcrómasóm. Atáirgeadh éighnéasach is ea an phríomhchineál atáirgthe le haghaidh orgánach aoncheallach macasamhail archaea agus baictéir. Uaireanta síolraíonn go leor plandaí agus fungas go héighnéasach.

Cé go síolraíonn na prócaróit go léir gan gaiméití a chruthú agus a chomhtháthú, is féidir meicníochtaí le haghaidh aistrithe chothrománacha géine, mar shampla, comhchuingiú, trasfhoirmiú agus trasduchtú a shamhlú le hatáirgeadh gnéasach, sa chiall athchuingir ghéiniteach le linn na méóise.[2] Is annamh a tharlaíonn easpa iomlán atáirgthe ghnéasaigh sna horgánaigh ilcheallacha, ach go háirithe i measc na n-ainmhithe. Ní thuigtear go hiomlán cén fáth go bhfuil cumas atáirgthe ghnéasaigh chomh coitianta ina measc. Tugann hipitéisí reatha le fios go bhféadfadh sochair ghearrthéarmacha a bheith ag atáirgeadh éighnéasach, nuair a bhíonn fás tapa an daonra tábhachtach nó i dtimpeallachtaí cobhsaí, bíodh is go n-ofrálann an t-atáirgeadh gnéasach glanbhuntáiste trí ghiniúint níos gasta d'éagsúlacht ghéiniteach a cheadú, rud a thugann deis d'oiriúnú na dtimpeallachtaí atá ag athrú. D'fhéadfadh sriantachtaí forbraíochta [3] a bheith mar bhunús leis an bhfáth nár éirigh mórán ainmhithe as an t-atáirgeadh gnéasach go hiomlán ina saolréanna. Bheadh caillteanas coimhdeachtach na méóise agus an cóiriú cosantach aththeaglamach ar ADN damáistithe a thugtar mar fheidhm amháin na méóise, ina laincis eile in aghaidh an athraithe ón t-atáirgeadh gnéasach go héighnéasach.[4][5]

Cineálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eamhnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Modh tábhtach atáirgthe neamhghnéasaigh ina scoilteann an t-orgánach ina dhá chuid ('déscaoilteadh'), nó níos mó ('ilscaoilteadh'), ionas go bhforbraíonn gach cuid ina horgánach neamhspleách iomlán ann féin. Coitianta i measc miocrorgánach aoncheallach. Atáirgeann na prócaróit (na hArcháia agus na baictéir) amháin go héighnéasach trí déscoilte. Féadfaidh eocaróit (mar shampla prótaistigh agus fungais aoncheallacha) ar bhealach atá cosúil go feidhmiúil trí na miotóise; tá an chuid is mó díobh seo in inmhe atáirgeadh gnéasach a dhéanamh freisin.

Bachlú[cuir in eagar | athraigh foinse]

An giosta Saccharomyces cerevisiae ag atáirgeadh.

Cruthú bachlóg trí chilldeighilt taobh istigh de réimse áitiúil ar bhuinneán. Is modh atáirgthe ghnéasaigh an bachlú freisin, ina bhfásann an bhachlóg ar cholainn an tuismitheora, ach scarann sí níos déanaí agus fásann neamhspleách ar a tuismitheoir.

Iomadú fásúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Plandóga fásúla den bhrífít Bryophyllum (Kalanchoe) daigremontianum

Aon mhodh atáirgthe éighnéasach ag planda gan síolta gan spóir trí mhéóisetoirchithe.[6] I bhfungais agus algaí aoncheallacha, trí chilldeighilt shimplí a tharlaíonn sé. I bplandaí cosúil le caonach is aelus, táirgtear bachlóga inscartha a fhásann nuair a thagann siad chun a bheith sáite sa talamh. Maidir le plandaí bláfara, atáirgeann siad trí bholgáin bheaga inscartha, tiúbair, stólain nó reathairí. In an-chuid fiailí ilbhliantúla, is féidir le blúire de ghas nó fréamh a bhristear uathu fás ina phlanda nua. Atáirgeann cineálacha eile (sméara dubha, mar shampla) ar cheann de na modhanna seo mar ní tháirgeann siad síolta inmharthana riamh. Is clóin iad na plandaí a thagann chun cinn mar seo, agus bíonn a ngéanóim comhionann le géanóim na bplandaí tuismitheora. Baintear feidhm as an modh atáirgthe seo sa ghairneoireacht chun plandaí le hairíonna fabhracha, a d'fheadfaí a chailliúint i bpórú, a olltáirgeadh.

Spóraigineas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhitheolaíocht, is éard is spóraigineas ann ná spóir a tháirgeadh. Úsáidtear an téarma freisin chun tagairt a dhéanamh don phróiseas atáirgthe, trí na spór. Fuarthas go mbíonn spóir atáirgthe déanta ag na heocarótacha, mar shampla plandaí, algaí agus fungais, le linn a ngnáthshaol saolréanna.

Bloghadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Regeneration from an arm
Linckia guildingi "comet", crosóg mhara ag athfhás ó ghéag amháin.

Modh atáirgthe éighnéasach is ea bloghadhbloghadh clónach ina scoiltear an t-orgánach ina bhloganna nó blúirí. Forbraítear gach ceann de na bloghanna seo ina horgánaigh lánfhásta aibí, ina gclóin ag a n-orgánach bunaidh. I measc na n-ainmhithe a bhíonn ag atáirgeadh ar an gcaoi seo tá plánáraigh, anailidí, lena n-áirítear na Polychaeta (peist guairí) [7] agus roinnt Oligochaeta [8] , Turbellaria agus Echinodermata.

Agamaigineas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aon chineál atáirgthe nach bhfuil aige le gaiméití fireann. Is samplaí iad partanaigineas agus apaimiscis.

Partanaigineas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aifid ag breith síolrach beo ó ubh neamhthoirchithe

Fás orgánaigh ón ubh gan toirchiú ag gaiméit fhireann (speirm). Uibheacha a fhásann mar seo, bíonn siad dioplóideach (le dhá fhoireann crómasóm) de ghnáth, agus comhionann leis an máthair ó thaobh na géinitice. Tá cuid mhaith orgánach, cosúil le míolta gorma, a théann trí chuid mhaith glúinte partanaigineacha baineanna, ach a tháirgeann fireannaigh agus a atáirgeann go gnéasach nuair a tharlaíonn coinníollacha deacra comhshaoil.

Apaimiscis agus sutheolaíocht núicléach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Apaimiscis fhásúil i Poa bulbosa; foirm bhleibíneach in ionad bláthanna

Is éard is apaimiscis ann ná atáirgeadh éignéiseach gan toirchiú i bplandaí ina dtoirmisctear méóis is táthú na ngaiméití. Cuimsíonn sí atáirgeadh plandúil freisin, ina scoirtear cuid den phlanda is a bhfásann an chuid sin ina planda scoite ar leith. Tarlaíonn sutheolaíocht núicléach i measc roinnt síolta citris. D'fhéadfadh apaomiscis fhireann a bheith i gceist i gcásanna annamh, mar shampla Cupressus dupreziana, áit as a dtagann ábhar géiniteach an tsutha go hiomlán ón phailin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Asexual but Not Clonal: Evolutionary Processes in Automictic Populations | Genetics".
  2. Narra, H. P.; Ochman, H. (2006). "{{{title}}}". Current Biology 16 (17): R705–710. doi:10.1016/j.cub.2006.08.024. PMID 16950097. 
  3. Engelstädter, J. (November 2008). "{{{title}}}". BioEssays 30 (11–12): 1138–1150. doi:10.1002/bies.20833. PMID 18937362. 
  4. Bernstein, H.; Hopf, F.A.; Michod, R.E. (1987). "{{{title}}}". Adv. Genet. 24: 323–70. doi:10.1016/s0065-2660(08)60012-7. PMID 3324702. 
  5. Avise, J. (2008) Clonality: The Genetics, Ecology and Evolution of Sexual Abstinence in Vertebrate Animals. See pp. 22-25. Oxford University Press. ISBN 019536967X ISBN 978-0195369670
  6. "Asexual Reproduction".
  7. "Invertebrate Zoology" (2004): 434–441. Brooks / Cole. 
  8. "{{{title}}}" (2004): 466–469. Brooks / Cole.