Atáirgeadh plandúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Atáirgeadh plandúil

Aon mhodh atáirgthe ag planda gan síolta gan spóir. I bhfungais agus algaí aoncheallacha, trí chilldeighilt shimplí a tharlaíonn sé. I bplandaí cosúil le caonach is aelus, táirgtear bachlóga inscartha a fhásann nuair a thagann siad chun a bheith sáite sa talamh. Maidir le plandaí bláfara, atáirgeann siad trí bholgáin bheaga inscartha, tiúbair, stólain nó reathairí. In an-chuid fiailí ilbhliantúla, is féidir le blúire de ghas nó fréamh a bhristear uathu fás ina phlanda nua. Atáirgeann cineálacha eile (sméara dubha, mar shampla) ar cheann de na modhanna seo mar ní tháirgeann siad síolta inmharthana riamh. Is clóin iad na plandaí a thagann chun cinn mar seo, agus bíonn a ngéanóim comhionann le géanóim na bplandaí tuismitheora. Baintear feidhm as an modh atáirgthe seo sa ghairneoireacht chun plandaí le hairíonna fabhracha, a d'fheadfaí a chailliúint i bpórú, a olltáirgeadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Atáirgeadh plandúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 52.