Ashgabat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAshgabat
Aşgabat (tk) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 37°57′N 58°23′E / 37.95°N 58.38°E / 37.95; 58.38
Stát ceannasachan Tuircméanastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,030,063 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,346.49 hab./km²
Teanga oifigiúilAn Tuircméinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla765 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde219 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1881
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisShamuhammet Durdylyyev (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist744000 — 744901 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2TM-S Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinashgabat.gov.tm… Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Ashgabat príomhchathair na Tuircméanastáine agus an chathair is mó sa tír. Bhí 773,400 duine ina chónaí in Ashgabat sa bhliain 2004 agus 909,000 duine sa bhliain 2009.

D'fhás an chathair as dúnfort a tógadh ann sa bhliain 1881 agus mar sin is cathair sách nua é. Tháinig an t-ainm as sráidbhaile sa limistéir. Sa bhliain 1948 bhuail crith talún mór an chathair. Níor tuairiscíodh an drochscéala go forleathan san Aontas Sóivéadach ag an am. Scriosadh gach foirgneamh a bhí déanta de bhrící agus rinne damáiste mór do na foirgnimh a tógadh le coincréit. Níltear cinnte faoi líon na ndaoine a fuair bás de bharr an chrith talún ach tá formhór na meastachán os cionn 100,000 duine básaithe. Toradh amháin an tubáiste ná an chuma nua-aimseartha ar an gcathair. Is beag seanstruchtúr fágtha ann.

Tá Ashgabat suite san Áise Láir idir Gaineamhlach Karakum agus na sléibhte Kopet Dag i ndeisceart na Tuircméanastáine, gar do theorainn na hIaráine. Tugtar uisce isteach anoir trí mheán an Chanáil Karakum ón abhainn Amu Darya. Tá suíomh Nisa, príomhchathair Impireachta na bPairteach anallód.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Soilse Ashgabat san oíche