Art Mac Cumhthaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaArt Mac Cumhthaigh
Beathaisnéis
Breith1738
Bás1773
34/35 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File Gaeilge ab ea Art Mac Cumhthaigh (nó Ó Cofaigh, nó Mac Cumhthaigh, nó Ó Cumhaigh - is é "Mac Cumhaigh" an leagan a úsáideann Tomás Ó Fiaich sa díolaim a chuir sé in eagar don Chlóchomhar thar cionn Éigse Oirialla sa bhliain 1973).[1] Saolaíodh an file i bparóiste an Chreagáin i gContae Ard Mhacha sa bhliain 1738, agus fuair sé bás sa bhliain 1773. Chónaigh sé i dtír Uí Néill tar éis Ré na bPátrún, agus dá bhrí sin d'obair sé mar spailpín ar feadh a shaoil.

D'fhág sé fiche éigin de dhánta againn, ach is í an aisling úd Úirchill an Chreagáin an ceann is cáiliúla acu. Bhí sí le cloisteáil ó sheanchaithe na háite a fhad is a mhair Gaeilge á labhairt i gContae Ard Mhacha, agus is gnách a rá gurb í "amhrán náisiúnta Dheisceart Ard Mhacha" í.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Art Mac Cumhaigh: Dánta. Tomás Ó Fiaich a chuir in eagar. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath, a d'fhoilsigh do Choiste Éigse Oirialla. An chéad chló 1973, an dara cló 1981.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]