Ardeaglais Theampall Chríost

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ardeaglais Theampall Chríost
Íomhá den taobh istigh
Íomhá
Ainmnithe in ómósan Tríonóid
Sonraí
CineálArdeaglais Anglacánach nó Easpagóideach
Foirgníocht1031 (Féilire Ghréagóra) Cuir in eagar ar Wikidata
Tiomnaithe doÍosa Críost
Tréith
Stíl ailtireachtaailtireacht Ghotach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°20′35″N 6°16′17″W / 53.343055555556°N 6.2713888888889°W / 53.343055555556; -6.2713888888889
Bonnchló

Gníomhaíocht
DeoiseUnited Dioceses of Dublin and Glendalough (en) Aistrigh
ReiligiúnAnglacánachas
Suíomh gréasáin oifigiúilchristchurchcathedral.ie

Ardeaglais Theampall Chríost lonnaithe i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Eaglais bheag a bhí inti i dtosach, agus bhunaigh Dúnán, an chéad easpag ar Bhaile Átha Cliath, í le hairgead a fuair sé ó Sitriuc, rí Lochlannach Bhaile Átha Cliath. Is í an ardeaglais is sine i mBaile Átha Cliath í.

I ndiaidh do na hAngla-Normannaigh seilbh a fháil ar an gcathair sa bhliain 1170, bheartaigh Strongbow, a gceannaire, (atá curtha san Ardeaglais seo) agus Lorcán Ua Tuathail, Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, ardeaglais taibhseach a thógáil. D'éirigh lena bpleananna agus cuireadh deireadh le tógáil na hardeaglaise sna 1230idí.

I ndiaidh an Reifirméisin, ardeaglais Phrotastúnach ba ea Teampall Chríost agus cuireadh iarsmaí de chuid na gCaitliceach Rómhánach, bachall Naomh Pádraig mar shampla, trí thine anseo i dtine chrámh mhór. Rinneadh obair shuntasach athchóirithe ar an ardeaglais sna 1870idí. Tá uaimh mheánaoiseach dhraíochtúil na hardeaglaise ar cheann de na struchtúir is sine i mBaile Átha Cliath.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cuid den eolas seo bunaithe ar chomharthaí an Dubline.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]