Aodh mac Colgan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAodh mac Colgan
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás19 Lúnasa 738
Siocair bháisBás i gcath
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Chinnsealaigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEterscél mac Áeda Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínSechnassach mac Colggen

Uí Chinnsealaigh na Laighean ba ea Aodh mac Colgan (Sean-Ghaeilge Áed mac Colggen) (bás 738), de chuid Síol Chormaic. De réir roinnt foinsí ach go míchruinn, chomh-rí na Laigean ba ea é le Bran Becc mac Murchado, ach is dóigh é gur phríomhcheannaire na Laigean e sa bhliain 738.[1] Glaodh rí Ard Ladrann (gar do Ghuaire, Contae Loch Garman) ar a athair, Colcú mac Bressail (bás 722[2]). Fionnó Crundmáel Erbuilc (bás 656), rí Laigean, ba ea Aodh.

Sa bhliain 722, rinne Ard-Rí na hÉireann, Fearghal mac Maoil Dúin de Chineál Eoghain ionradh ar na Laigin, ag iarraidh a ardthiarnas a a chur i gcion orthu. Agus rí Murchad mac Brain Mut (bás 727) i gceannas na Laigean, tharla cath eatarthu agus maraíodh Fearghal. Insítear an scéal sa sága Cath Almaine, agus deirtear an gur thríd rídhamhna Aodh mac Colgan ar son na Laigin.

Ní fios go cruinn cathain a tháinig sé i gcoróin Uí Chinnsealaigh, ámh. Insítear sna hannála don bhliain 727 gur mharaigh rí na Laigean, Dúnchad mac Murchado (bás 728), rí Ui Chinnsealaigh, Laidcnén mac Con Mella, ag Cath Mhullach Maistean i ndeisceart Chill Dara).[3] De réir na ríliostaí le fáil sa Leabhar Laighneach, tháinig Élothach mac Fáelchon i gcomharbacht ar Laidcnén, agus go raibh seisean i réim le seacht mbliana sular mharaigh Aodh féin é i gCath Oenbethi. Deirtear gur tháinig Aodh i gcoróin ansin,[4] a chur le fios go raibh réim cúig bliana aige.

feictear Aodh in iomaíocht do choróin na Laighean i rith réimse Fhaoláin mhic Mhurchadha (bás 738). Lena linn sin, bhí Cathal mac Finguine (bás 742), Rí na Mumhan ag iarraidh a chearta ar na Laigin a dhearbhú, agus Uí Neill weakness.[5] Sa bhliain 732, Dhiongbháil Aodh agus Laigin an deiscirt ionsaí fir Mumhan.[6]

Maraíodh Aodh i mbun chéile comhraic in éadan Aodha Alláin mhic Fearghail i gCath Átha Seanaigh (ar a glaoitear Cath na Groans) sa bhliain 738. Déantar cuir síos fada sna hAnnála Éireann faoin gcath seo, mar shampla i nAnnála Uladh:[7]

... in tali bello tantos cecidisse ferunt quantos per transacta retro secula in uno subcubuisse impetu & feroci ruisse conflictu non conperimus
... tuairiscítear gur thit an oiread sin fear sa mhórchath seo nach bhfaightear a leithéid d'eirleach in aon ionsaí agus comhrac fíochmhar amháin i gcaitheamh na réanna uile roimhe sin.

Tar éis an chliste mhillteanaigh ag Áth Senaig, ba iad Uí Dúnlainge a bhí i gceannas sa Laigin le trí chéad bliain anuas, go dtí gur éirigh Diarmaid Maoil na mBó ina rí leis an mbliain 1052.[8]

Tháinig deartháir Aodha, Seachnasach mac Colgan (bás 746/747), i gcomharbacht air mar rí Uí Chinnsealaigh. In am trátha, tháinig Eidirscéal mac Aodha (bás 778) i gcoróin mar ri Uí Chinnsealaigh.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 148
  2. Annála Uladh, AU 722.2
  3. Annála Uladh, AU 727.6
  4. Leabhar Laighneach, Rig Hua Cendselaig
  5. Byrne, lch. 209
  6. Annála Uladh, AU 732.12
  7. Annála Uladh, AU 738.4
  8. AU 1052.8