Andrea Palladio

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAndrea Palladio

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Andrea di Pietro della Gondola
8 Samhain 1508 ↔ 30 Samhain 1508
Padua (Poblacht na Veinéise)
Básc. 19 Lúnasa 1580
71 bliana d'aois
Vicenza (Poblacht na Veinéise)
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiltireacht
Suíomh oibre Veneto
An Veinéis
Vicenza
Udine Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmailtire, teoiricí ealaíne Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1537 (Féilire Ghréagóra) –  1580 (Féilire Ghréagóra)
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidBartolomeo Cavazza agus Gian Giorgio Trissino
Mac/iníon léinnVincenzo Scamozzi
TeangachaAn Iodáilis agus an Veinéisis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileAllegradonna Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 11394237 Cuir in eagar ar Wikidata

Ailtire a rugadh i bPadua na hIodáile ab ea Andrea PalladioAndrea di Pietro della Gondola (30 Samhain 150819 Lúnasa 1580), an t-ailtire is ceannasaí i stair an iarthair. Oileadh ar dtús é mar shaor cloiche. Chaith sé roinnt blianta sa Róimh ag déanamh staidéir is ag líniú na seanfhothrach. Rinne sé a chéad tionscnamh ailtireachta i Vicenza nuair a d'atóg an seanhalla tionóil is margaidh ansin ina fhoirgneamh taibhseach poiblí a dtugtar an Bhaisleac air. Thóg sé tithe móra is paláis baile d'uaisle na cathrach sin, ina measc an Villa Rotonda, an Villa Foscari, an Villa Emo, is an Villa Poiana. Bhain sé úsáid as colúnáidí le colúin chlasaiceacha, áiléir oscailte, cruinneacháin, áirsí, peidiméidí is na hairíonna go léir a chonaic sé i bhfothraigh na Róimhe, ach cumtha go siméadrach maorga álainn. D'fhoilsigh sé I quattro libri dell'architettura (Ceithre Leabhar na hAiltireachta, 1570) le cur síos go cuimsitheach ar a stíl Phallaidiach, monagraf bunaidh na hailtireachta nua-aoisí. Tinfeadh d'ailtirí ó shin i leith.[1]

Dhear Andrea Palladio an Palazzo Chiericati.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Andrea Palladio". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 505.