An Réabhlóid Ghlórmhar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Réabhlóid Ghlórmhar
Cineálcoup d'état
réabhlóid Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1688 - 1689
Dáta na bliana1688 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNa hOileáin Cheilteacha Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Liam III Shasana Cuir in eagar ar Wikidata


Liam Oráiste, agus saighdiúirí na hIsiltire ag teacht i dtír ag Torbay, i ndeisceart Shasana

Tugtar an Réabhlóid Ghlórmhar (nó an Réabhlód Protastúnach) ar an réabhlóid sa bhliain 1688 a ruaig an Rí Séamas a Dó as ríchathaoir Shasana agus a chuir Liam a Trí de mhuintir Oráiste-Nassau ina áit. Ba é John Hampden a bhaist an réabhlóid mar sin, agus an bhliain 1689 ag druidim chun deireanais, agus is ainm é a thugann Parlaimint Shasana ar na himeachtaí seo go hoifigiúil.

Uaireanta, deirtear gur réabhlóid gan doirteadh fola a bhí ann, ach ní fíor é. Le fírinne, bhí scirmisí idir an dá arm, agus bhí scliúchais fhrith-Chaitliceacha in áiteanna. Thairis sin, cuireadh Cogadh an Dá Rí in Éirinn, agus troideadh cúpla mór chath in Albain, go háirithe i gCoille Chnagaidh (cath Raon Ruairidh, mar a thugtar air i nGaeilge na hAlban) agus i nDùn Chaillinn.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]