An Reithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Reithe
an Reithe
an Reithe
Ainm Laidine (IAU)Aries
NodAri
Ginideach LaidineArietis
Siombalaíochtan Reithe
Dronairde3 h
Diallas+20°
Achar441 céim cearnach
Céim 39ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
2
Réalta is gileHamal (α Ari)
(méid 2.0)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −60°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig an infheictheacht is fearr

an Reithe ar cheann de réaltbhuíonta an stoidiaca. Aries an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn reithe. Tá an Reithe suite idir na hÉisc, atá ar an taobh thiar de, agus an Tarbh, atá ar an taobh thoir de.

Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá réaltaí an Reithe doiléir go leor, seachas Hamal (α Ari) agus Sharatan (β Ari). I measc a réaltaí suntasacha eile faightear Mesarthim (γ1 Ari) agus Botein (δ Ari).


Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl ach cúpla réad domhainspéire sa Reithe, agus iad go léir an-lag. Faightear ina measc na réaltraí NGC 697 (ar an taobh thiar thuaidh de β), NGC 772 (ar an taobh thoir theas de β), NGC 972 (i gcúinne thuaidh na réaltbhuíne), agus NGC 1156 (ar an taobh thiar thuaidh de δ). Is an-deacair a aimsiú aon cheann díobh.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má chuirtear san áireamh réaltóga níos doiléire, ach infheicthe ag an tsúil fhornocht, tá dealramh ag ceantar seo na spéire le ceann reithe a bhfuil gnáthchruth cinn fhéariteora air agus adharc bhíseach ar a bharr.

I miotaseolaíocht na Gréige, ceaptar gurbh é an reithe a d'iompair Fricseas, mac Athamas, agus a dheirfiúr Heillé go Colcas le héalú óna leasmháthair Ionó atá ann. Thit Heillé anuas sa mhuir sin ar tugadh Muir Heillé ina dhiaidh sin uirthi. Tar éis do Fricseas a theacht slán go Colcas, d'íobair sé an reithe (go han-dhíomuíoch) agus chroch sé a lomra i nGarrán Airéis, áit ar thiontaigh sé ina ór; blianta ina dhiaidh sin tháinig Iasón agus na hArgónátaigh ar a lorg. De réir cosúlachta, bhí na Baibealóinigh, na Gréagaigh, na Peirsigh agus na hÉigiptigh go léir ar aon intinn le chéile gurbh é ainm na réaltbhuíne seo ná an Reithe.

B'fhéidir go mbaineann bunús mhiotas chrios Hipilité (ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail) le príomhcheantar na spéire a chomhdhéanann comhartha an Reithe, a chuimsíonn an Phléadach, réaltbhuíon Andraiméide agus páirt de na hÉisc.

Astralaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann comhartha astralaíoch an Reithe (Márta 21Aibreán 19) leis an réaltbhuíon atá ar aon ainm leis.

De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Reithe le dúil chlasaiceach na Tine, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na tine é (i dteannta leis an Saighdeoir agus an Leon). Is é Mars is pláinéad ceannasach leis. Tá sé freisin ar cheann de na ceithre chomhartha Chairdineálta (i dteannta na Meá, an Ghabhair, agus an Phortáin). Is é an Mheá is frithchomhartha polach leis. Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn seo mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Reithe an ceann. Ar ndóigh, is é an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná an reithe é féin. I measc tréithe an Reithe áirítear nádúr eisdírithe go hionsaitheach, fiosracht is spraoi naíonda, soineantacht athléimneach, agus macnas míshuaimhneach fiáin; ach cuirtear cúpla drochthréith san áireamh freisin, ina measc giorraisce is sochorraitheacht.

Daoine cáiliúla ar rugadh faoin gcomhartha seo iad: Russell Crowe, Ewan McGregor, Kofi Annan, Hans Christian Anderson, Vincent Van Gogh, Heath Ledger, Elle McPherson, Maya Angelou and Victoria Beckham.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir