An Neipeailis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Neipeailis
नेपाली

Cineálteanga nádúrtha, macraitheanga, teanga bheo agus language variety (en) Aistrigh
Úsáid
Cainteoirí dúchais15,800,000 (2019)
Dúchasach doKhas people (en) Aistrigh
StáitNeipeal, an India, an Bhútáin agus Maenmar
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
teangacha Ind-Airianacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtascript Dhéiveanágrach
Institiúid caighdeánaitheNepal Academy (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1ne
ISO 639-2nep
ISO 639-3nep
Glottolognepa1254
Ethnologuenep
ASCL5206
IETFne

Is í an Neipeailis (Nepali) príomhtheanga Neipeal agus teanga oifigiúil na tíre. Tá sí á labhairt i Neipeal féin agus sna ceantair in aice leis an tír sin. Ceann de na teangacha Ind-Áiríocha is ea í, agus gaol dlúth aici, mar sin, leis an Hiondúis agus le cuid mhór eile de theangacha na hIndia. Tá an Neipeailis níos seanársa ná an Hiondúis, agus níl an oiread céanna d'fhocail Pheirsise in úsáid inti.

Is é Nepali an t-ainm oifigiúil ar an teanga sa teanga féin, ach tugtar Khaskura agus Gurkhali uirthi freisin. Is í teanga dhúchais na nGurcach í, dream eitneach ó Neipeal a bhí ag soláthar saighdiúirí d'arm coilíníoch na Sasanach i laethanta na hImpireachta Briotanaí.

Ní mór an Neipeailis a aithint thar an teanga Nepal Bhasa, nach bhfuil lúb ghaoil ar bith aici léi. Teanga thábhachtach í i Neipeal freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]