An Lucsambuirgis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Lucsambuirgis
Lëtzebuergesch
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais391,200 (2012)
Á labhairtAn tSárlainn agus Sankt Vith (en) Aistrigh
Dúchasach doLucsamburg, Rheinland-Pfalz, Moselle, Arrondissement Verviers, Merzig-Wadern (en) Aistrigh, Lucsamburg agus Eupen-Malmedy (en) Aistrigh
StáitLucsamburg, an Bheilg, an Fhrainc agus an Ghearmáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
Gearmáinic an Iarthair
High German (en) Aistrigh
Central German (en) Aistrigh
West Central German (en) Aistrigh
Central Franconian (en) Aistrigh
Moselle Franconian (en) Aistrigh
West Moselle Franconian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaithePermanent Council of the Luxembourgish (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1lb
ISO 639-2ltz
ISO 639-3ltz
Glottologluxe1244
Linguasphere52-ACB-db
Ethnologueltz
ASCL1302
IETFlb

Is í an Lucsambuirgis an teanga is mó a labhraítear i Lucsamburg, agus í ó dhúchas ag trí chéad míle duine. Go bunúsach, níl ann ach canúint Meán-Ghearmáinise, agus í an-ghaolmhar leis na canúintí Meán-Ghearmáinise eile, cosúil le caint na ndaoine in Köln, mar shampla.

Níl an Lucsambuirgis ina teanga oifigiúil sa tír ach ón mbliain 1984 i leith. Tá litriú ar leith aici ón mbliain 1946 anuas, ach rinneadh leasuithe air sa bhliain 1999. Baintear úsáid ócáidfhreastalach aisti sna scoileanna le rudaí deacra a mhíniú sa chaint, ach is iad an Ghearmáinis agus an Fhraincis na teangacha scríofa a chleachtar. Bíonn an Lucsambuirgis le cloisteáil ar an raidió agus ar an teilifís go minic, ach ní bhaintear mórán úsáide aisti sna clómheáin, cosúil leis na nuachtáin agus na leabhair. Is í an Fhraincis teanga an dlí agus na reachtaíochta i Lucsamburg, agus ní thagann leabhar na reacht i gcló in aon teanga eile, cé go bpléann parlaimint Lucsamburg na dlíthe nua trí mheán na Lucsambuirgise. Ní teanga oifigiúil í an Lucsambuirgis san Aontas Eorpach ach an oiread, agus ní chuirtear aistriúchán oifigiúil Lucsambuirgise den reachtaíocht Eorpach ar fáil do na saoránaigh - glactar leis mar phrionsabal go bhfuil an Fhraincis ag cách.

Tá saol poiblí Lucsamburg dírithe ar dhaoine a bhfuil an trí theanga acu idir Lucsambuirgis, Ghearmáinis agus Fhraincis. Is í an Fhraincis teanga na bhfógraí poiblí, ach is í an Ghearmáinis is mó a úsáidtear sna nuachtáin. Má thagraíonn nuachtán d'fhocail a labhair polaiteoir, státseirbhíseach nó boc mór éigin eile as Lucsambuirgis nó Fraincis, is sa teanga sin a thabharfar na focail, agus má thráchtar ar an reachtaíocht, ní thabharfar an tagairt ach as Fraincis. Deirtear go bhfuil tríbhéascna (triglossia) i bhfeidhm sa tír.

Cé gur canúint de chuid na Gearmáinise í an Lucsambuirgis, tá sí á forbairt ina teanga chaighdeánaithe ar leith, agus is é dearcadh mhuintir Lucsamburg gur siombail lárnach dá bhféiniúlacht náisiúnta í. Go háirithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí Lucsamburg forghafa ag na Naitsithe, theastaigh ó mhuintir na tíre tabhairt le fios nach raibh siad ina nGearmánaigh, más ionann a bheith i do Ghearmánach agus a bheith i do Naitsí.

Ba é Michel Rodange (1827-1876) a chuir tús le litríocht na Lucsambuirgise, agus is dócha gurb é Josy Braun (1938-2012) an scríbhneoir comhaimseartha is tábhachtaí. Sa bhliain 1997, d'fhoilsigh Braun an chéad úrscéal bleachtaireachta sa teanga.

An Cúpla Focal as Lucsambuirgis[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Jo - Sea/Tá
  • Neen - Ní/Níl
  • Wëllkomm! - Fáilte!
  • Wéi geet ët? - Conas atá tú? Cad é mar atá tú? Cén chaoi a bhfuil tú?
  • Ech heesche ... - ...is ainm dom
  • Entschellegt! - Gabh mo leithscéal.
  • Zwee béier, wann ech glieft - Dhá phionta, más é do thoil é
  • Kënnt Dir mir de wech zëm .... weisen? - An féidir leat a rá liom, cá bhfuil an ...?
  • Villmols merci - Go raibh míle maith agat
  • Äddi - Slán