Cúirt Uachtarach na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Chúirt Uachtarach)
Bosca Sonraí EagraíochtaCúirt Uachtarach na hÉireann
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálard-chúirt Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1937

Suíomh gréasáinsupremecourt.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Is í Cúirt Uachtarach na hÉireann an t-údarás breithiúnach is airde i bPoblacht na hÉireann. Cúirt achomhairc dheiridh is í an Chúirt Uachtarach agus déanann sí athbhreithniú breithiúnach, i gcomhar leis an Ard-Chúirt, ar Achtanna an Oireachtais. Tá dlínse ag an gcúirt, chomh maith, chun a áirithiú go ngéilleann comhlachtaí rialtais agus gnáthshaoránaigh do Bhunreacht na hÉireann. Tá an Chúirt suite sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath.

Na Ceithre Cúirteanna.

Comhdhéanamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Chúirt Uachtarach comhdhéanta d'uachtarán na cúirte (nó "Príomh-Bhreitheamh na hÉireann" mar a dtugtar air), Uachtarán na hArd-Chúirte a bhfuil ina bhall ex officio den Chúirt agus a shuíonn san Ard-Chúirt de ghnáth, agus seachtar gnáthbhall ar a laghad.[1]

Suíonn an Chúirt Uachtarach le comhdhéanamh de thriúr, cúigear nó seachtar Breithiúna. Féadtar dhá chomhdhéanamh nó níos mó a shuí ag an am céanna. Agus cinneadh á dhéanamh ag an gCúirt faoi éagumas buan an Uachtaráin de réir bhrí Airteagal 12 an Bhunreachta, faoi bhunreachtúlacht Bille a chuireann an tUachtarán faoina bráid faoi Airteagal 26, nó faoi bhunreachtúlacht aon dlí, caithfear an Chúirt a bheith comhdhéanta de chúigear ball ar a laghad.[2]

Is é Uachtarán na hÉireann a cheapann breithiúna na Cúirte Uachtaraí ar chomhairle cheangailteach an Rialtais. Ón mbliain 1995, gníomhaíonn an Rialtas ar chomhairle neamhcheangailteach an Bhoird Chomhairligh um Cheapacháin Bhreithiúnacha.[3]

Breithiúna Reatha na Cúirte Uachtaraí (Bealtaine 2008)[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An tOnórach an Príomh-Bhreitheamh John. L. Murray
  • An tOnórach an Breitheamh Susan Gageby Denham
  • An tOnórach an Breitheamh Adrian Hardiman
  • An tOnórach an Breitheamh Hugh Geoghegan
  • An tOnórach an Breitheamh Nial Fennelly
  • An tOnórach an Breitheamh Nicholas Kearns
  • An tOnórach an Breitheamh Fidelma Macken
  • An tOnórach an Breitheamh Joseph Finnegan
  • An tOnórach an Breitheamh Richard Johnson (Uachtarán na hArd-Chúirte, ex officio)

Dlínse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann an Chúirt éisteacht d'achomhairc ón Ard-Chúirt, ón bPríomh-Chúirt Choiriúil agus ó Chúirt Achomhairc na nArmchúirteanna. Féadfar srian trom a chur ar chumhacht na Cúirte achomhairc a éisteacht (má thagann an t-achomharc ón bPríomh-Chúirt Choiriúil nó ó Chúirt Achomhairc na nArmchúirteanna). Lena theannta sin, féadfar an chumhacht sin a eisiamh go hiomlán, ach amháin achomhairc maidir le comhréir bhunreachtúil dlí. Tugann an Chúirt Uachtarach éisteacht do phoncanna dlí lena dtaigrítear di ón gCúirt Chuarda. Baineann an chuid is mó de na cásanna a thagann faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí le poncanna dlí go hiarbhír.

Tá dlínse bhunaidh ag an gCúirt Uachtarach in dhá chás - faoi Airteagal 26, nuair a chuireann an tUachtarán Bille faoi bhráid na Cúirte chun cinneadh a dhéanamh maidir lena bhunreachtúlacht roimh é a fhógairt agus faoi Airteagal 12 nuair a bhíonn ar an gCúirt cinneadh a dhéanamh faoi mhíthreoir an Uachtaráin.

Athbhreithniú breithiúnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feidhmíonn an Chúirt Uachtarach, i gcomhar leis an Ard-Chúirt, cumhacht chun dlíthe nach bhfuil i gcomhréir leis an mBunreacht a dhíothú. Deonaíonn na cúirteanna urghairí ar chomhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí príobháideacha agus ar shaoránaigh chun comhlíonadh Bhunreachta a áirithiú.

Foráiltear go sainráite le Bunreacht na hÉireann gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar reachtaíocht. Tá Achtanna a ritheadh tar éis theacht i bhfeidhm an Bhunreachta neambhaillí mas rud é go bhfuil siad contrártha don Bhunreacht (Airteagal 15.4.2°) ach tá Achtanna a bhfuil i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Bhunreachta neambhaillí más rud é go bhfuil siad ar neamhréir leis an mBunreacht (Airteagal 50.1).

Foráiltear leis an mBunreacht, chomh maith, faoi Airteagal 26, gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar bhillí roimh lámh an Uachtaráin a chur leis. Is é an tUachtarán amháin a fheidhmíonn an chumhacht chun billí a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí roimh dó/di dul i gcomhar leis an gComhairle Stáit. Nuair a sheasann an Chúirt Uachtarach le bunreachtúlacht Bhille a chuirtear faoina bráid, ní cead ag aon chúirt eile bunreachtúlacht an Bhille sin a bhreithniú arís (Airteagal 34.3.3°).

De ghnáth, is féidir le breithiúna na Cúirte Uachtaraí a mbreithiúnais féin a sheachadadh bíodh go n-aontaíonn nó go n-easaontaíonn sé/sí. Agus bunreachtúlacht Acht nó Bhille a ritheadh tar éis theacht i bhfeidhm an Bhuneachta á plé ag an gCúirt, áfach, déanann an Chúirt breithiúnas amháin a sheachadadh (Airteagail 34.4.5° agus 26.2.2°). Féadann na breithiúna breithiúnas easaontach nó breithiúnas aontaitheach a sheachadadh agus bunreachtúlacht Acht a ritheadh roimh theacht i bhfeidhm an Bhunreachta á plé aici (Airteagal 50).[4]

Dlí-eolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tús stair an Stáit agus tar éis Bunreacht na hÉireann a fhógairt, bhí an Chúirt Uachtarach an-mhall i leith dlí-eolaíocht a fhorbairt. Ach sa lá atá inniu ann, tá an Chúirt tar éis dlí-eolaíocht suntasach a fhorbairt. An fáth go raibh an Chúirt mall ag tús a hoibre ná gur pháirt den Ríocht Aontaithe ab ea oileán na hÉireann roimh 1922 agus, mar sin, fuair breithiúna na Cúirte Uachtaraí a gcuid oiliúna i ndlí-eolaíocht na Breataine, dlí-eolaíocht a chuireann béim mhór ar ardcheannas parlaiminte agus urraim a thabhairt don reachtas. Ó na 1960idí ar aghaidh, áfach, rinneadh roinnt breithiúnas suntasach a sheachadadh ag an gCúirt. Mar shampla:

  • D'fhorbair sí teoiric na gceart neamhshonraithe (tá an teoiric sin cosúil le teoiric na gceart neamhshonraithe sna Stáit Aontaithe). Tá an teoiric sin bunaithe ar léirmhíniú leathan ar Airteagal 40.3.1°, chomh maith le heilimintí dlí nádúrtha agus teoiric liobrálach daonlathach.
  • D'fhorbair agus chosain an Chúirt scaradh na gcumhachtaí.
  • Rialaigh an Chúirt nach féidir leis an Stát mórathruithe ar chonarthaí arna mbunú an tAontas Eorpach a dhaingniú gan leasú a dhéanamh ar an mBunreacht.
  • Rialaigh sí nár forchuireadh oibleagáidí ar an Stát faoi Airteagal 2 agus Airteagal 3 (mar a bhí siad roimh 1999) a bíodh infhorghníomhaithe i gcúirt dlí.
  • D'aimsigh sí go raibh ceart leathan chun príobháideachta i leith cúrsaí pósta intuigthe in Airteagal 41.
  • D'aimsigh sí, in Alt 40.3.3°, go bhfuil ceart ann chun ginmhilleadh a fháil i gcás ina bhfuil saol na máthar i mbaol de thoradh féinmharaithe.
  • Ghlac sí le teoiric na comhréireachta agus chuir sí í i bhfeidhm i ndlí na hÉireann.
  • Shocraigh An Chúirt Uachtarach sa bhliain 2020 go bhfuil an nós imeachta maidir le saoránacht a chúlghairm míbhunreachtúil.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Féach ar Alt 6 d'Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995 .
  2. Féach ar Alt 7 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961.
  3. Féach ar Acht na gCúirteanna agus a nOifigeach Cúirte, 1995.
  4. Mar shample, tugadh tuairimí easaontacha sa chás Norris v. an tArd-Aighne, maidir le bunreachtúlacht alt 61 agus alt 62 an Achta um Chiontaí in aghaidh na Pearsan, 1861, ach rinne an Chúirt breithiúnas amháin a sheachadadh sa chás Buckley v. an tArd-Aighne, maidir le bunreachtúlacht Acht Cistí Sinn Féin, 1947. Féach ar An Stát (Sheerin) v. Kennedy.
  5. Mary Carolan. "Supreme Court: unconstitutional law governs procedure under which citizenship can be revoked" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-14.