Na Gealáin Thuaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Chaor Aduaidh)
Éire agus an Bhreatain san oíche agus na Saighneáin sa chúlra

Is torthaí ar imbhuailtí idir cáithníní gáis inár n-atmaisféar agus cáithníní luchtaithe atá eisteilgthe ó atmaisféar na gréine iad na Saighneáin, nó sa leathsféar thuaidh, na Gealáin Thuaidh, an Chaor Aduaidh nó ‘Aurora borealis[1] Is iad ná solais a fheictear thuas sa spéir faoi thionchar na gcáithníní faoi lucht leictreach a bhuaileann réimse maighnéadach an domhain. Cuid den ghrianghaoth iad na cáithníní seo.

na Gealáin Thuaidh sa spéir os cionn Inse Ghall Amuigh (na hOileáin Thiar)

Tá réimse maighnéadach níos laige ag na poil, agus mar gheall ar sin tagann cuid de na cáithníní sin isteach in atmaisféar an domhain agus imbhuaileann siad le cáithníní gáis. Bíonn solas mar thoradh ar na himbhuailtí agus is ar sin a thugaimid na Gealáin Thuaidh.

Aurora Borealis, Alaska.

Réalteolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an teocht ar an dromchla na gréine os cionn 5000°C agus tá atmaisféar seachtrach na gréine, nó an choróin, níos teo ná an dromchla. Ó theo atá sé is ea is mó fuinnimh atá ar fáil; bíonn imbhuailte idir móilíní gáis mar thoradh ar seo.

Ag teochtaí chomh hard sin is féidir le himbhuailte a bheith pléascach. De réir mar a chasann an Ghrian, eisteilgtear cáithníní trí phoill ina réimse maighnéadach.

Is iad na cáithníní luchtaithe sin a dhéanann suas an ghaoth gréine agus iompraíonn an ghaoth seo na cáithníní saora i dtreo atmaisféar an domhain.

glasː an Chaor Aduaidh

Fisic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an domhan mar a bheadh barramhaighnéad, pol amháin gar don Mhol Thuaidh is an pol eile gar don Mhol Theas.[2] Tá réimse maighnéadach mórthimpeall an domhain, mar sin, a oibríonn ar mhaighnéid eile (rud is bun le héifeacht an chompáis mhaighnéadaigh) agus cáithníní a bhfuil lucht leictreach orthu, a ghluaiseann sa réimse sin.

Astaíonn an ghrian sruth cáithníní luchtaithe i ngach treo an t-am ar fad, a dtugtar an ghrianghaoth air. Gabhann réimse maighnéadach an domhain cuid de na cáithníní seo a thagann an treo, agus sraonann iad isteach i scamall ollmhór ar thaobh dorcha an domhain os cionn an ianaisféir.

Is é an míniú eolaíoch ar na Saighneáin ná go bhfágann cáithníní na grianghaoithe adaimh ocsaigine agus nítrigine flosctha, is é sin, luchtaithe le fuinneamh a fhágann leictreoin ar leibhéil níos airde ná áit a mbíonn siad agus an t-adamh sa bhunstaid. Nuair a thuirlingeoidh na leictreoin ar ais ón bhfloscadh, scaoilfidh siad an fuinneamh flosctha mar chandam solais (fótón).

an Chaor Aduaidh agus an Chaor Aneas ar feadh stoirmeacha, mar is léir ón ghrianghraf a thóg satailít NASA

Tagann an scamall seo le bheith éagobhsaí agus tarlaíonn cuaranfaí fíochmhara ann. Scaoileann na cuaranfaí seo na cáithníní luchtaithe faoi ardluas i dtreo an domhain agus ianaíonn siad adaimh gáis san ianaisféar, rud a chruthaíonn na Saighneáin (Aurora Borealis) is na Gealáin Theas (Aurora Australis) a fheictear ag na domhanleithid arda ó thuaidh is ó dheas faoi seach.

An seó soilse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athróidh dath na nGealán Thuaidh mar gheall ar na cineálacha cáithníní gáis atá ag imbhualadh.

Áiteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaireanta, éiríonn an ghrian níos gníomhaí agus caitheann sí amach cáithníní gréine atá an-fhuinniúil go deo. Mar thoradh, is minic a tharlaíonn grianbhladhmanna agus stoirmeacha gréine. Nuair a bhíonn an ghrian an-ghníomhach, beidh níos mó seans ann go mbeidh na gealáin le feiceáil.

Réamhaisnéisí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt seirbhísí réamhaisnéise ann do na Gealáin Thuaidhː

  • Sna Stáit Aontaithe, ta seirbhís ann ón Roinn Náisiúnta Riaracháin na nAigéan agus an Atmaisféir (NOAA). Cuireann sé seo réamhaisnéisí tríocha nóiméad amach.[3]
  • San Fhionlainn, tugann an Lárionad Meitéareolaíochta agus Aeráide réamhaisnéisí amach.[4]

Na réigiúin pholacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna réigiúin pholacha is mó a fheictear iad. Díreach mar atá ag gach maighnéad, tá pol maighnéadach ag barr an domhain agus ag a bhun agus tá réimse maighnéadach thart air.[5] Cuireann an ghrianghaoth isteach ar réimse maighnéadach an domhain agus brúitear cáithníní gréine chuig na poil thuaidh agus theas. Mar sin, is iad na Ciorcail Artacha agus Antartacha na háiteanna is fearr, de ghnáth, chun na gealáin a fheiceáil.

Le fírinne, ní thagraíonn na téarmaí aurora borealis agus an Chaor Aduaidh ach do na saighneáin a fheictear timpeall ar an bPol Thuaidh. Na cinn a fheictear i réigiún polach na hAntartaice, tugtar aurora australisan Chaor Aneas orthu.

físː Aurora Australis ón Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta i 2011

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaireanta is féidir na Gealáin Thuaidh a fheiceáil in Éirinn féin. Eachtra annamh é iad a fheiceáil in Éirinn ach bhí desi iontach ann i mí na Samhna 2023 ar fud na tíre.[6] Is i gcodanna de chósta an iarthair agus an tuaiscirt is fearr a bheadh seans leis an taispeántas a fheiceáil, i gcontae Dhún na nGall go hairithe.

Cinnte is i láithreacha nach bhfuil ach fíorbheagán truailliú aeir is fearr le breathnú ar na Gealáin Thuaidh.

Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheap ciníocha áirithe gurbh iad a sinsir iad, agus iad ag damhsa thart ar thine shearmanais.[5] Cheap daoine eile gur dhragain iad agus go raibh na dragúin ag caitheamh seilí solais.

Eachtraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn gnéithe raidió ag baint leis na gealáin.

Sa bhliain 1989 bhí an ghrian an-ghníomhach, ag astú i bhfad níos mó cáithníní fuinniúla luchtaithe: tharla stoirm anchumasach gheomaighnéadach os cionn Chathair Québec i gCeanada a rinne scrios ar chórais teileachumarsáide is trasfhoirmeoirí cumhachta an réigiúin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cosúil gur thug Petrus Gassendus an t-ainm "na Gealáin Thuaidh" orthu tar éis dó iad a fheiceáil ó thuaisceart na Fraince sa bhliain 1621.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Na Gealáin Thuaidh - Met Éireann - Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann" (en). www.met.ie. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  3. "Aurora - 30 minute forecast | NOAA / NWS Space Weather Prediction Center" (en). www.swpc.noaa.gov. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  4. "Northern lights - Finnish Meteorological Institute". en.ilmatieteenlaitos.fi. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  5. 5.0 5.1 cogg.ie (2015). "Dragain sa Spéir". Dáta rochtana: 2020.
  6. Conradh na Gaeilge, Londain (11 Samhain 2023). "‎Nuacht Mhall: (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-11-11.
  7. Ollscoil Mhá Nuad (Dé Luain, an 5 Deireadh Fómhair 2020). "". Eleathanach 361.