Aman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tír shamhailteach sa Mheán-Domhan is ea Aman.

In Aman a bhí cónaí ar na Valar, is é sin, ar na "miondéithe" nó na hardaingil a bhí cosúil le déithe na miotaseolaíochtaí Gréagacha, Rómhánacha agus Gearmánacha. Ós rud é gur Caitliceach cráifeach ab ea Tolkien, ba leasc leis ollchruinne mhiotasúil a chruthú nach mbeadh aon Dia amháin os a cionn, agus mar sin, chuir sé Eru Ilúvatar ag rialú Arda. Ón taobh eile de, bhí dúil aige riamh sna miotaseolaíochtaí réamh-Chríostaí agus ina gcuid déithe freisin, agus chruthaigh sé na Valar. B'as Aman ó dhúchas do na síóga, na hEldar, chomh maith.