Am samhraidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
SAM, 1935ː stocaireacht ar son reachtaíochta chun Am Samhraidh a chur i bhfeidhm

Is bealach é Am samhraidh[1] [2]Am an tsamhraidh[3] (nó Am geimhridh) chun sochar níos mó a bhaint as na huaireanta de sholas an lae le linn onna an tsamhraidh, de ghnáth trí na cloig a chur chun tosaigh d'uair ionas go maireann solas an lae isteach san oíche. Am coigilte sholas an lae a thugtar air seo i Meiriceá.

San Aontas Eorpach, tagann athrú ar an am ar an gclog faoi dhó gach bliain. San earrach, ag 2 a.m. bogann an t-am ar aghaidh go 3 a.m. ar an gclog. Ansin san fhómhar, bogann an t-am siar arís.

Am samhraidh

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Am geimhridh

Mhol Benjamin Franklin an beart ar dtús. Sa bhliain 1784, scríobh sé chuig nuachtán agus mhol sé athrú ar an am chun coinnle a shábháil mar nach mbeadh sé dorcha chomh luath sin sa samhradh.

Chuir an Ghearmáin i bhfeidhm é ar an 30 Aibréain 1916 don chéad uair[4], chun breosla agus fuinneamh a spáráil. Rinne an Bhreatain amhlaidh. Thosaigh an cleachtas seo sa Ríocht Aontaithe (in Éirinn chomh maith) i mí Bealtaine sa bhliain 1916.

Nuair a thosaigh an t-athrú ar an am, thaitin sé le daoine áirithe agus níor thaitin sé le daoine eile.[5] Bhí sé go maith do na feirmeoirí, mar bhí lá níos faide acu don obair ar an bhfeirm i rith an tsamhraidh.

Sa bhliain 1922, ritheadh an "Summer Time Act, 1922 (12 & 13 Geo. 5. c. 22)" sa Ríocht Aontaithe.[6] Fágadh an reachtaíocht in Éirinn go dtí an bhliain dár gcionn; ar 19 Aibreán 1923 in Éirinn, ritheadh an t-Acht um Am Samhraidh[7] (tháinig an t-athrú bliantúil ar bhonn buan sa Chreat Reachtaíochta na hÉireann ó 1925 ar aghaidh).

Bhí an Ríocht Aontaithe ar "Am samhraidh dúbailte" le linn an Dara Cogadh Domhanda.[8] Mar sin bhí Béal Feirste uair an chloig chun cinn ar Bhaile Átha Cliath.

Cuireadh an clog ar aghaidh gach bliain ó shin in Éirinn, seachas Deireadh Fómhair 1968 go Deireadh Fómhair 1971, nuair a d'fhan am an tsamhraidh i bhfeidhm an bhliain ar fad (sa Ríocht Aontaithe chomh maith).[9]

Am samhraidh i bhfeidhm - gorm nó oráiste

Sna Stáit Aontaithe i 1966, achtaíodh rialachán feidearálach le "Am coigilte sholas an lae" a chur i bhfeidhm (bíodh is gur dhiúltaigh stáit áirithe é a chur i bhfeidhm).[10],[11] Mar shampla ní raibh Am samhraidh riamh i bhfeidhm in Arizona (seachas na plandálacha Navajo).[12]

Connspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

1918, SAM

Sna 2010idí, thosaigh tíortha éagsúla ag caint faoin gcleachtas. Stop Maracó an cleachtas go tobann sa bhliain 2019.

Tá daoine ann a chreideann go gcuireann an uair an chloig d’athrú ar an gclog isteach ar shláinte intinne agus choirp an duine agus nach bhfuil aon chúis mhaith lena leithéid níos mó.[13] Mar shampla,nuair a rinneadh cinneadh gan an clog a athrú sna blianta 1968-1971, mheas an Roinn Iompair sa Ríocht Aontaithe ag an am gur ardaigh líon na dtimpistí ar maidin. Mar sin chuidigh an t-athrú le timpistí bóthair a laghdú mar gurb é an clapsholas is contúirtí ar na bóithre.

I mí Deireadh Fómhair 2017, d’fhoilsigh Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa staidéar ar am samhraidh an AE inar maíodh go raibh impleachtaí sláinte an athraithe níos tromchúisí ná mar a ceapadh. D’aontaigh coiste san Aontas Eorpach i 2018 go mbeadh deireadh leis ach níor tharla faic ina dhiaidh sin.[14]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "English–Irish Dictionary (de Bhaldraithe): samhraidh" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2020-04-20.
  2. ""am samhraidh Lár na hEorpa"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-04-19.
  3. "summertime - Translation to Irish Gaelic with audio pronunciation of translations for summertime by New English-Irish Dictionary". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2020-04-20.
  4. timeanddate.com
  5. maynoothuniversity.ie. "Eleathanach 346". Dáta rochtana: 2020.
  6. "British Summer Time: historical information". www.polyomino.org.uk. Dáta rochtana: 2024-04-19.
  7. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT UM AM SAMHRAIDH, 1923" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-04-20.
  8. "Just what is summertime?" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-04-20.
  9. "British Summer Time: historical information". www.polyomino.org.uk. Dáta rochtana: 2020-04-20.
  10. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". Coiscéim. 
  11. "Standard time in the United States" (as en) (2020-04-09). Wikipedia. 
  12. "Why Arizona opts out of daylight saving time" (en). ASU Now: Access, Excellence, Impact (2018-03-08). Dáta rochtana: 2020-04-20.
  13. "Súil ag Feisirí Eorpacha ar an gclog agus Am Dé seachas Am an Diabhail atá uathu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-04-20.
  14. Hussey, Matt (2011). "Am samhraidh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 34.